Written answers

Wednesday, 6 November 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

64. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén fáth ar tugadh neamhaird ar iarratas Údarás na Gaeltachta ar mhaoiniú cuí chun gnáthobair an Údaráis a chomhlíonadh mar aon le tograí fiontraíochta a chur i gcrích a chothóidh poist úra sa Ghaeltacht. [45460/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fógraíodh i mBuiséad 2020 go mbeidh ardú €1m á chur ar fáil do chiste caipitil Údarás na Gaeltachta in 2020. Fágfaidh sé seo go mbeidh ciste €10m ar fáil don eagraíocht agus is ionann sin agus méadú de bhreis agus 11% le hais an tsoláthair atá ann sa bhliain reatha.

Chomh maith leis sin, cuirfear €200,000 breise in airgead reatha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta don bhliain seo chugainn le dáileadh ar na heagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta. Is ionann seo agus ardú 25% le 3 bliana anuas ar an gciste seo. Fágann sé sin go mbeidh soláthar iomlán de €4.05m ar fáil don Údarás in 2020 le dáileadh ar na heagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta.

Ina theannta sin, beidh teacht ag Údarás na Gaeltachta ar chiste faoi leith sa chás go dtarlóidh Breatimeacht gan ord gan eagar.

Is fiú dom a mheabhrú don Teachta chomh maith go mbeidh soláthar €9.602m.san iomlán ar fáil don eagraíocht in 2020 le haghaidh cúrsaí riaracháin.

Ag cur gach rud san áireamh mar sin, táim sásta nár tugadh neamhaird ar éileamh an Údaráis ar mhaoiniú breise agus go mbeidh sé ar chumas na heagraíochta clár oibre a chur i bhfeidhm go rathúil i 2020 ar leas na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.