Written answers
Wednesday, 6 November 2019
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
62. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén teagmháil a bhí aici leis an Aire Oideachais agus Scileanna nó leis an Roinn Oideachais agus Scileanna i dtaobh na n-athruithe ar an díolúine ón nGaelainn sna scoileanna; cén éifeacht a bheadh ag an gcéanna ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45418/19]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is faoin Aire Oideachais agus Scileanna amháin atá sé na critéir a leagan síos maidir le díolúine ó staidéar na Gaeilge.
Is straitéis thras-Rialtais í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a bhfuil an fhreagracht ar an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i ndáil lena feidhmiú a chomhordú i gcomhar le páirtithe leasamhara. Níl aon ról, dá réir, agamsa mar Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin maidir leis an ábhar.
Chuaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcomhairle le mo Roinn sa ghnáth bhealach i dtaca leis an gceist seo, mar a rinneadh leis na ranna Rialtais go léir, tríd Mheamran don Rialtas i mí na Samhna 2018.
No comments