Written answers

Wednesday, 6 November 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Reachtaíocht Teanga

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

30. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén uair a bhfoilseofar Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) mar atá geallta le blianta. [45459/19]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

59. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad é stádas Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017; cén dáta a fhoilseofar an Bille; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [45409/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom Ceisteanna Uimh. 30 agus 59 a thógáil le chéile.

Tuigeann an Teachta an cúlra maidir leis an athbhreithniú ar an Acht Teanga. Foilsíodh torthaí an athbhreithnithe i mí Aibreán 2014. Dréachtaíodh Bille leasaithe ag an am ach de bharr míshástachta le cuid de na leasuithe a bhí molta, níor foilsíodh é riamh. Agus mé ceaptha mar Aire Stáit, d’iarr mé athbhreithniú eile ar an mBille agus chuaigh oifigigh mo Roinne i mbun comhairliúcháin leis na Ranna Stáit ábhartha, grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, An Coimisinéir Teanga agus páirtithe leasmhara eile le cinntiú go mbeadh an Bille is fearr, is éifeachtaí agus is láidre gur féidir a bheith againn le tabhairt os comhair an Oireachtais.

I mí Meitheamh 2017, foilsíodh Ceannteidil an Bhille nua agus, i mí Bealtaine 2018, d’fhoilsigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán a dtuarascáil ar an scéim ghinearálta.

Is iarracht í an Bille mar sin, tríd na ceannteidil éagsúla, an timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeidh an teanga níos feiceálaí agus go mbeidh fáil i bhfad níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Ní hamháin sin, ach go mbeidh tuiscint i bhfad níos fearr ag an tsaoránach ar na seirbhísí atá ar fáil dó nó di, agus ar chaighdeán na seirbhíse ar cheart a bheith ag súil leis.

Is é an bun-aidhm atá againn leis an mBille nua a chinntiú go leanfaidh an tAcht Teanga de bheith ina thacaíocht éifeachtach do gach duine ar mhian leis nó léi seirbhísí d’ardchaighdeán i nGaeilge a fháil ón Stát. Is iad príomhaidhmeanna an Bhille seo deireadh a chur le córas na scéimeanna teanga agus caighdeáin teanga a thabhairt isteach agus foráil nua a thabhairt isteach le hollsprioc go mbeidh 20% d'earcaithe nua chuig an tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge.

Is ábhar casta í seo ach tá dul chun cinn suntasach déanta le déanaí san obair dhréachtaithe. Tá an Bille san áireamh i gClár Reachtaíochta an Rialtais le foilsiú le linn an téarma seo agus tá súil agam go bhfoilseofar an Bhille sna seachtainí amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.