Written answers

Thursday, 24 October 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Feabhsú Céibheanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

361. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta maidir le hathfhorbairt na cé in Inis Oírr; cén staid ag a bhfuil an togra seo faoi láthair; cén uair a bhfuil súil aici go mbeifear in ann tairiscintí a lorg don togra; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [44006/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, tá forbairt Ché Inis Oírr san áireamh ar liosta na dtograí atá le forbairt faoi Thionscadail Éire 2040.

Tá oifigigh mo Roinne agus Comhairle Chontae na Gaillimhe ag obair i dtreo leagan críochnúil den chás gnó i leith an togra a fhorbairt faoi réir théarmaí an Chód Chaiteachais Phoiblí faoi láthair.  Táthar ag súil go mbeidh críoch leis an bpróiseas sin go luath.  Agus an cás gnó a bheith faofa, is í an céad céim eile sa phróiseas ná tairiscintí a lorg don obair.  Beidh gach céim d'fhorbairt na cé seo le meas i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ar fáil do mo Roinn agus faoi réir na bhforálacha atá san áireamh i gCód Caiteachais Phoiblí an Rialtais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.