Written answers

Tuesday, 15 October 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Uisce

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

657. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an raibh aon chomhráití aici nó ag a Roinn leis an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, le hUisce Éireann agus le hÚdarás na Gaeltachta maidir le húsáid a bhaint as na córais séarachais, atá ar na heastáit thionsclaíocha ar fud na Gaeltachta, a chur ar fáil i gcomhar le hUisce Éireann, le freastal ar na pobail máguaird; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [42088/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar gur ceist í seo atá tábhachtach do phobal na Gaeltachta, tá sé ardaithe agam le hOifig an Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.

Tá tugtha le fios go poiblí ag Údarás na Gaeltachta roimhe seo go bhfuil an eagraíocht sásta comhoibriú le heagraíochtaí stáit eile atá ag iarraidh áiseanna cóireála fuíolluisce cónaitheach agus tráchtála a chur ar fáil do phobail Ghaeltachta a bheadh ar leas na bpobal sin.

Tuigim go bhfuil suas le scór córas fuíolluisce forbartha ag Údarás na Gaeltachta i gceantair Ghaeltachta le blianta anuas. Tá na córais seo ag freastal ar ghnóanna go príomha ag páirceanna gnó ar fud na Gaeltachta.

Is córais bheaga singil atá i gceist le cuid de na háiseanna agus córais chóireála fuíolluisce níos mó le cuid eile acu. Cé nach bhfuil soláthar áiseanna cóireála fuíolluisce cónaitheach, tráchtála nó pobail mar shainchúram ar Údarás na Gaeltachta, d’fhorbair an tÚdarás ionaid chóireála fuíolluisce, go príomha, air nó gar d’eastáit thionsclaíochta nó páirceanna gnó a bhí i seilbh na heagraíochta chun cruthú fostaíochta i gcomhlachtaí lonnaithe ar na páirceanna seo a éascú.

Tuigim, I gcásanna eisceachtúla, gur ceanglaíodh áiseanna pobail a bhí suite air nó gar d’eastáit thionsclaíochta do na hionaid chóireála fuíolluisce. I gcásanna eile, bhí an tÚdarás sásta comhoibriú (ar iarratas) le húdaráis áitiúla agus le hUisce Éireann chun áiseanna nó talamh a chur ar fáil lena bhforbairt agus a thógáil ar lámh ag na háisíneachtaí cuí. Faoi láthair, tá Údarás na Gaeltachta ag comhoibriú le hiarratais éagsúla ó Uisce Éireann chun tacú leo seirbhísí cóireála fuíolluisce a chur ar fáil do phobail Ghaeltachta i nGaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall agus sa Spidéal i gCo. na Gaillimhe.

Sa bhreis air sin, tá comhráití ginearálta tar éis a bheith ag an Údarás le hUisce Éireann ar chásanna éagsúla, ceann ar cheann, áit a bhfuil forbairtí ar chórais fuíolluisce ar siúl faoi láthair.  Tá toilteanas an Údaráis chun iniúchadh a dhéanamh ar thógáil ar lámh níos leithne curtha ar shúile Uisce Éireann chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.