Written answers

Thursday, 19 September 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

An Teanga Gaeilge

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

41. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta maidir le hanailís bhreise a dhéanamh chun teacht ar bhunlíne maidir le líon reatha na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht ionas gur féidir gníomhú chun é seo a mhéadú de 25% faoi 2030; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37933/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ós rud é go bhfuil tábhacht faoi leith leis an bpróiseas pleanála teanga tá bearta luaite ina leith sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 a d'fhoilsigh mo Roinn anuraidh chun dlús a chur le cur chun feidhme an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Tá tábhacht faoi leith sa phróiseas pleanála teanga ar úsáid a bheith á baint as faisnséis chainníochtúil agus cáilíochtúil maidir le staid na Gaeilge sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge araon. Chun go mbeidh úsáid chuí á baint as an gcineál seo faisnéise ar leas an phróisis trí chéile, iarrtar ar gach ceanneagraíocht pleanála teanga atá i bhfeighil pleananna a ullmhú agus a fheidhmiú faisnéis den chineál seo a bhailiú ag an tús mar chuid den obair. Leagtar amach go sonrach cad is gá do cheanneagraíochtaí a dhéanamh ina leith seo uile sna Treoirlínte Pleanála Teanga atá foilsithe ag mo Roinn. Ní call a rá go seastar pé costas a bhaineann lena leithéid d'eolas a bhailiú agus a scagadh as an allúntas a chuirtear ar fáil dóibh faoin bpróiseas.

Ar bhonn lárnach is fiú a nótáil go bhfuil Córas Faisnéise Geografaí (GIS) forbartha ag an Roinn faoina gcuirtear eolas ar fáil ar bhonn físiúil ag úsáid amharcóir mapa, chun staid reatha na Gaeilge a chur i láthair ar bhonn Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus ar bhonn Líonraí Gaeilge. Faoin gcóras seo tugtar léargas soiléir ar staid na Gaeilge sa Ghaeltacht bunaithe ar thorthaí Daonáireamh 2011 agus 2016 faoi seach. Ní call a rá go gcuirfear torthaí Daonáireamh 2021 ar fáil faoin gcóras seo in am trátha. Tuigtear go deimhin go bhfuil sé beartaithe ag an CSO ceist bhreise a chur i nDaonáireamh 2021 faoin nGaeilge.

Maidir lena bhfuil ar bun agus beartaithe i ndáil leis an bpróiseas pleanála teanga agus clár oibre mo Roinne trí chéile ar leas na Gaeltachta, is féidir leis an Teachta a bheith cinnte go leanfar, ar thaobh amháin, ag féachaint chuige go mbaintear úsáid chuí as foinsí reatha faisnéise ar nós an Daonáireamh chomh maith le faisnéis cháilíochtúil a bhailítear go logánta agus, ar an taobh eile, ag féachaint chuige go bhfuil an bhéim chuí ar bhearta praiticiúla a thugann aghaidh ar staid na Gaeilge a fheabhsú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.