Written answers

Thursday, 19 September 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Calafoirt agus Céanna

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

38. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sí cuntas ar an dul chun cinn go dáta ar an iarratas chun uasghrádú agus cóiriú a dhéanamh ar ché na Reannaí ar Oileán Árainn Mhór i gContae Dhún na nGall; an dtabharfaidh sí cuntas freisin ar an scála ama leis an obair seo a dhéanamh ar an gcé, a rachaidh go mór chun tairbhe do phobal an oileáin; an bhfuil meastachán déanta ag a Roinn ar na costais a d’fhéadfadh a bheith bainteach leis an togra oibre seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [37660/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuair mo Roinn iarratas ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall maidir le forbairt a dhéanamh ar Ché Reannaí, Árainn Mhóir ar 17 Meitheamh 2019. Tá iarrtha agam ar mo chuid feidhmeannaigh breathnú ar an iarratas agus déanfar cinneadh ina leith amach anseo.

Tá sé tábhachtach a athrá go gcaithfear gach iarratas a scrúdú, Cé an Reannaí san áireamh, faoi réir forálacha an Chóid um Chaiteachais Poiblí agus i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ar fáil le caitheamh ar thograí oileánda agus na n-éileamh ar an soláthar sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.