Written answers

Friday, 6 September 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Reachtaíocht Teanga

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

2044. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad é stádas Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017; cén dáta a fhoilseofar an Bille; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [36883/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun coimriú a dhéanamh ar na spriocanna ardaidhmeannacha atá clúdaithe ag an mBille Teanga. Is iarracht í an Bhille seo, trí na ceannteidil éagsúla, an timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, go mbeidh an teanga níos feiceálaí agus go mbeidh fáil níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge.

Beidh sé mar ollchuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh comhlachtaí poiblí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Is í an earcaíocht croí-lár na ceiste agus táim dóchasach gur féidir tógáil, ar bhonn chéimiúil, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge sa státchóras agus, ag eascairt as sin, go mbeifear in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge, mar is cóir. Beidh tuilleadh deiseanna fostaíochta do dhaoine le Gaeilge san earnáil phoiblí amach anseo agus táim ag tnúth go mór leis an na seirbhísí trí Ghaeilge a bheith ar fáil don phobal i gcoitinne.

Mar is eol duit, tá oifigigh mo Roinne, chomh maith leis an dréachtóir pharlaiminte in Oifig an Ard-Aighne, tar éis dian obair a dhéanamh ar an ndréacht den Bhille Teanga chun na spriocanna tábhachta seo a chur faoi bhráid an Oireachtais chomh luath agus is féidir agus iad a bheith achtaithe gan mhoill. Tá an Bille san áireamh i gClár Reachtaíochta an Rialtais le foilsiú roimh dheireadh an tseisiúin seo agus tá mé tiomanta chun é sin a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.