Written answers

Friday, 6 September 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Forbairt na nOileán

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

2019. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici airgead a cheadú i mbliana d’oibreacha beaga ar na hoileáin, go mór mór d’oibreacha bóthair; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34913/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an cheist maidir le Clár Mionoibreacha 2019 do na hOileáin á scrúdú ag oifigigh mo Roinne faoi láthair i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ar fáil le caitheamh ar thograí oileánda i mbliana agus na n-éileamh éagsúla ar an soláthar sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.