Written answers

Friday, 6 September 2019

Department of Public Expenditure and Reform

Tionscadail Oidhreachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

189. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform an raibh comhráití idir Oifig na nOibreacha Poiblí agus Comhairle Contae na Gaillimhe maidir leis an ngá atá ann cur leis na saoráidí páirceála do rothair, busanna agus trapanna ag Cill Mhuirbhigh gar don áit a bhfuil oifig de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí le freastal ar na daoine a thugann cuairt ar Dhún Aonghasa; ar pléadh an fhéidearthacht go bhféadfadh an dá eagraíocht iarratas a dhéanamh faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe de chuid na Roinne Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [35350/19]

Photo of Kevin  MoranKevin Moran (Longford-Westmeath, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag iarraidh na deacaireachtaí páirceála a réiteach in Ionad Cuairteoirí Dún Aonghasa le tamall anuas.

Tar éis comhairliúcháin le páirtithe leasmhara áitiúla í 2018, reachtáladh cainteanna le bainistíocht sinsearach i gComhairle Chontae na Gaillimhe maidir le oibreacha beartaithe don bhóthair phoiblí in aice láimhe a chuirfeadh feabhas ar rochtain do bhusanna.Ni dhearna aon phlé maidir le áiseanna páirceála rothar nó cóiste capaill mar tá an limistéar atá i gceist faoi úinéireacht phríobháideach faoi láthair. 

Níor phléadh an cheist maidir le maoiniú do na hoibreacha seo go mion leis an gComhairle Chontae, mar sin níor tháinig saincheist iarratais ar thacaíocht an gCiste um Athghiniúint agust Forbairt Tuaithe  chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.