Written answers

Wednesday, 10 July 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Calafoirt agus Céanna

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

424. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an féidir léi an t-eolas is déanaí a chur ar fáil faoin dul chun cinn atá á dhéanamh ag an Roinn chun bonneagar úr a fhorbairt ag Cé Mhachaire Rabhartaigh i gContae Dhún na nGall; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30114/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, tá Cé Mhachaire Rabhartaigh faoi chúram Chomhairle Chontae Dhún an nGall. Tá an cé seo san áireamh mar cheann de na tograí atá le forbairt faoin bPlean Forbartha Náisiúnta.

Mar chuid den phróiseas forbartha, tá iarrtha ag mo Roinn ar an gComhairle Chontae Cás Gnó ina leith a ullmhú faoi réir théarmaí an Chód Caiteachais Phoiblí. Cuirfidh torthaí an Cháis Gnó sin i bhfios don Chomhairle agus do mo Roinn an chéad chéim eile a bhainfidh leis an togra, ag cur an allúntas airgid atá ar fáil do mo Roinn agus na n-éileamh éagsúla ar an allúntas sin san áireamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.