Written answers

Tuesday, 9 July 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

877. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an iarratas atá curtha isteach ag Gaillimh le Gaeilge chun tuilleadh acmhainní a fháil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [29594/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuireann an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú reatha ar fáil don eagraíocht: Gaillimh le Gaeilge chun tacú lena gcuid gníomhaíochtaí. Is €139,080 atá ceadaithe don eagraíocht i mbliana faoin Scéim Tacaíochta Gaeilge de chuid na Roinne.

Is é Gaillimh le Gaeilge, i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, atá freagrach as plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú do Chathair na Gaillimhe faoin bpróiseas pleanála teanga. Táthar ag súil go gcuirfear an plean seo faoi bhráid na Roinne i mí Mheán Fómhair na bliana chun críche faofa faoin bpróiseas pleanála teanga.

Is i gcomhthéacs an allúntais reatha thuasluaite agus an phróisis pleanála teanga a ndéanfar an cheist faoi ghnóthaí airgeadais na heagraíochta don tréimhse atá le teacht  a bhreithniú - tar éis plean a bheith faomhaithe agus soiléireacht níos fearr a bheith ann faoi na himpleachtaí féideartha airgeadais don chiste pleanála teanga trí chéile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.