Written answers

Tuesday, 2 July 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

722. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá le déanamh i mbliana i bhfeidhmiú na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [28011/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 55 ar an 12 Meitheamh 2019 maidir leis an ábhar seo. Mar a thug mé le fios sa bhfreagra sin, is é an Plean Gníomhaíochta 2018-2022a d’fhoilsigh mo Roinn i mí Meithimh 2018 an mapa bóthair atá leagtha amach chun cúram a dhéanamh d'fheidhmiú na Straitéíse 20 Bliain don Ghaeilge don tréimhse cúig bliana ó 2018 go dtí 2022.

Is ann a leagtar amach cad atá beartaithe a dhéanamh sa tréimhse sin chun tuilleadh cúraim a dhéanamh den Ghaeilge agus den Ghaeltacht mar a bhaineann sé leis na naoi réimse gnímh faoi leith atá luaite sa Straitéis.

Mar atá ráite agam go minic roimhe seo, ag croílár an Phlean Gníomhaíochta, tá na bearta comhaontaithe a leagtar amach ann. Tá breis agus 180 díobh ann, a chuirfear i bhfeidhm i gcomhar le os cionn 60 páirtí leasmhar. Leagtar an bhéim is mó ar an méid a dhéanfar go sonrach ar bhonn comhpháirtíochta thar 5 bliana. Tá tráthchlár ama luaite le gach beart agus luaitear chomh maith, ar ndóigh, na páirtithe a bheidh freagrach as na bearta a chur i bhfeidhm.

Tá Coiste Stiúrtha, atá freagrach as monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar dhul chun cinn an phlean bunaithe ó mhí na Samhna agus bhí trí chruinniú den choiste go dtí seo. Tá sé i gceist go bhfoilseofar tuairisc bhliantúil maidir le dul chun cinn, tar éis don tuairisc a bheith faofa ag an Rialtas. Ina thaobh sin, tá beartaithe go bhfoilseofar an chéad tuairisc bhliantúil i bhfómhar na bliana seo a chuimseoidh an tréimhse 12 mhí ó foilsíodh an Plean Gníomhaíochta (Iúil 2018 go Meitheamh 2019).

Tugtar spléachadh thíos ar a bhfuil déanta le gairid agus ar a bhfuil beartaithe sa ghearrtréimhse maidir le cur i bhfeidhm an phlean:

- Maidir leis an bproiséas pleanála teanga: As an 26 Limistéar Pleanála Teanga atá ainmnithe sa Ghaeltacht, tá 14 plean teanga ceadaithe go dáta faoin bpróiseas. Mar thoradh air sin, tá 9 Oifigeach Pleanála Teanga agus 3 Oifigeach Cúnta fostaithe sa Ghaeltacht chun na pleananna sin a chur i bhfeidhm. Tá súil ag mo Roinn go mbeidh suas le 23 plean in iomlán ceadaithe faoin bpróiseas faoi dheireadh na bliana seo. Ina thaobh sin, tá soláthar €550,000 breise ar fáil don phleanáil teanga do 2019, rud a fhágann go bhfuil €3.2m in iomlán ar fáil i mbliana.

- Maidir le Scéim na gCúntóirí Teanga: Ar mhaithe le tacú tuilleadh le feidhmiú an phróisis agus an pholasaí don oideachas Gaeltachta, d'fhógair mé le gairid go raibh allúntas suas le €3.6m in iomlán thar thréimhse 3 bliana ceadaithe agam faoi Scéim na gCúntóirí Teanga.Bainfear leas as an infheistíocht bhreise seo chun go mbeidh scoileanna Gaeltachta atá páirteach sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta in ann cúntóirí teanga a bheith acu ar feadh sé seachtaine breise in aghaidh na scoilbhliana feasta. De thoradh seo uile, beidh cúntóirí teanga in ann dul i mbun oibre feasta nuair a thosaíonn an scoilbhliain seachas níos faide isteach sa bhliain mar a tharlaíodh go dtí seo i gcásanna áirithe. Tiocfaidh an beart seo i bhfeidhm san fhómhar ó thús na scoilbhliana nua.

- Maidir le hearnáil na gcoláistí samhraidh:D'fhógair mé dhá thogra nua le gairid chomh maith chun tacú tuilleadh le córas na gcoláistí samhraidh. Faoin gcéad bheart dar teideal,DEIS Gaeltachta, tá ciste ar fiú €50,000 curtha ar fáil chun cabhrú le lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS na tíre freastal ar chúrsa i gceann de na coláístí Gaeilge atá aitheanta ag mo Roinn. Ina theannta sin, d'fhógair mé ciste nua faoi leith dar teideal, ERASMUS Gaeltachta,faoina bhfuil ciste ar fiú €250,000 curtha ar fáil le cabhrú le hinstitiúidí tríú leibhéal seimeastar sa Ghaeltacht a thairiscint do mhic léinn dá gcuid.

- Tá €980,000 breise curtha ar fáil do Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga de chuid mo Roinne féin do 2019. Ciallóidh sé sin go bhfuil ciste breise ann chun cabhrú tuilleadh le gnóthaí teanga agus pobail sa Ghaeltacht. Fágann sé seo go bhfuil soláthar iomlán de €9.692m ar fáil do 2019.

- Tá Coiste stiúrtha bunaithe ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú plean cuimsitheach don earnáil luathoideachais Gaeilge.

- Tá mo Roinn ag dréachtú Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne faoi láthair.

- Tá súil ag mo Roinn an Plean Digiteach don Ghaeilge a fhoilsiú go luath

- Tá buiséad iomlán caipitil de €9.7m curtha ar fáil ag mo Roinn d'Údarás na Gaeltachta in 2019 le hinfheistíocht a dhéanamh i mbonneagar fiontraíochta agus gnó sa Ghaeltacht. .

- Táthar ag leanúint leis an obair leis na hinstitiúidí ábhartha san AE chun tacú le deireadh a chur leis an maolú don Ghaeilge san Aontas Eorpach faoi 2021.

- Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le cur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 - le gach iar-bhunscoil Ghaeltachta agus móramh suntasach na mbunscoileanna Gaeltachta rannpháirteach.

Níor mhiste a lua sa phlé seo ar fad faoin straitéis, ar ndóigh, go bhfuil úinéireacht thras-rannach aige agus go bhfuil an fhreagracht dá réir maidir lena cur chun feidhme ar na páirtithe leasmhara atá luaite leis na bearta éagsúla atá sainithe sa Phlean Gníomhaíochta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.