Written answers

Thursday, 13 June 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Eitilte

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

248. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil aon mheasúnú déanta, nó an bhfuil sé i gceist aon mheasúnú a dhéanamh, ar na feidearthachtaí atá ann chun síneadh beag a chur leis na haerstráicí a úsáidtear le seirbhís aeir a chur ar fáil do na hoileáin chun gur féidir leo eitleán a d’fhéadfadh 20 paisinéir a iompar in aon tráth amháin, a ghlacadh; cén síneadh a bheadh i gceist i ngach cás lena dtabhairt cothrom le caighdeán 1,800 troigh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24610/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, tá ceithre aerstráice i gceist leis an tseirbhís aeir atá á cur ar fáil d'Oileáin Árann - ceann ar an mórthír ag Aerfort Chonamara agus ceann ar gach aon cheann de na trí oileáin.  Is féidir liom a dheimhniú don Teachta nach bhfuil aon mheasúnú déanta ag mo Roinn ar an bhféidearthacht síneadh a chur leo. 

Chun tabhairt faoina leithéid, bheadh gá comhairle a ghlacadh le hÚdarás Eitlíochta na hÉireann agus ar ndóigh, bheadh impleachtaí pleanála agus comhshaoil ann, gan trácht ar an gcostas a bheadh leis.  Níl aon phleananna ag mo Roinn tabhairt faoin obair seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.