Written answers

Wednesday, 12 June 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Cuanta agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

43. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta maidir le forbairt na gcéibheanna ar Inis Meáin agus ar Inis Oírr; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [24058/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá forbairt na gcéanna atá luaite ag an Teachta san áireamh sa liosta tograí atá clúdaithe sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018 - 2027.

Maidir le Cé an Chaladh Mhóir, Inis Meáin, tá Comhairle Chontae na Gaillimhe i dteagmháil le geallsealbhóirí faoi láthair i dtaobh a gcuid mianta d'fhorbairt na cé agus tá Cás Gnó i leith na forbartha á réiteach ag an gComhairle faoi réir théarmaí an gCód Caiteachais Poiblí. Déanfar cinneadh críochnúil faoi scóip na forbartha amach anseo i gcomhthéacs na n-acmhainí airgeadais a bheidh ar fáil do mo Roinn sna blianta amach romhainn agus na n-éileamh éagsúla ar na hacmhainí sin.

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil dul chun cinn maith déanta maidir le forbairt Ché Inis Oírr. Le cúnamh airgid ó mo Roinn, tá innealtóirí comhairleacha ceaptha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe i ndáil leis an togra a fhorbairt. Ach an oiread le haon togra eile ar an scála seo, beidh gach chéim d'fhorbairt Ché Inis Oírr le meas i gcomhthéacs an tsoláthair airgid a bheidh ar fáil do mo Roinn ag an am sin agus faoi réir na bhforálacha atá san áireamh i gCód Caiteachais Phoiblí an Rialtais.

Bíonn cruinnithe rialta idir oifigigh mo Roinne agus Comhairle Chontae na Gaillimhe ag a bpléitear forbairt na gcéanna seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.