Written answers

Tuesday, 11 June 2019

Department of Education and Skills

Scoileanna DEIS

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

241. To ask the Minister for Education and Skills an féidir leis sonraí a chur ar fáil faoin dul chun cinn atá á dhéanamh aige chun clár DEIS a leasú d'fhonn scoileanna breise a chur le líon na scoileanna atá ag glacadh páirt sa scéim faoi láthair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23495/19]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mo Roinn i mbun anailísiú sonraí i láthair na huaire i gcomhthéacs acmhainní atá le leithroinnt d'fhonn riachtanas a shainaithnítear a mheaitseáil, lena n-áirítear athróga a scrúdú arb eol iad a bheith ina réamh-mheastóirí maithe maidir le míbhuntáiste oideachais.  Tá measúnú a dhéanamh ar gach Bunscoil agus Iarbhunscoil i láthair na huaire ag baint úsáid as an múnla aitheantais nua. Níl sé i gceist an clár DEIS a leathnú chuig aon scoileanna eile go mbeidh an anailís seo curtha i gcrích.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.