Written answers

Tuesday, 11 June 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1013. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad iad na strúchtúir eagraíochtúla atá i bhfeidhm chun monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí aonair na Straitéise 20 Bliain; cé hiad na daoine atá páirteach sa mhonatóireacht; cad iad na ranna rialtais a bhfuil baint acu le monatóireacht ar an Straitéis ina hiomláine; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23846/19]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1014. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta maidir le coiste stiúrtha a bhunú a dhéanfaidh maoirseacht ar dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm na ngníomhaíochtaí aonair sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2023; cé hiad na daoine a bheidh ar an gcoiste sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23847/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 23846/19 agus 23847/19 le chéile.

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh 52 den 16 Eanáir 2019 faoin ábhar seo. Mar a thug mé le fios sa bhfreagra sin, leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge, a foilsíodh i mí Meitheamh 2018, an cur chuige nua a bheidh i bhfeidhm maidir le monatóireacht a dhéanamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus ar fheidhmiú an Phlean go sonrach.

Tá an Coiste Stiúrtha atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar dhul chun cinn an phlean bunaithe anois agus tionóladh trí chruinniú de ó bunaíodh é anuraidh.

Is é cúram an Choiste Stiúrtha, atá ag feidhmiú faoi chathaoirleacht mo Roinne, ná:

1. monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an ós cionn 180 beart atá leagtha amach sa phlean a chuirfear i bhfeidhm i gcomhar le 60 páirtí leasamhar;

2. tacú le bearta agus tionscnaimh eile nach bhfuil san áireamh cheana féin sa phlean a aithint; agus,

3. treochtaí, constaicí nó údair imní a thagann chun cinn maidir leis an nGaeilge trí chéile a shainaithint ar leas na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Ós rud é go bhfuil freagracht thras-Rannach i gceist maidir le forfheidhmiú an Phlean, tá an Coiste Stiúrtha comhdhéanta d’ionadaithe ón Roinn Oideachais agus Scileanna, An Roinn Leanaí & Gnóthaí Óige, An Roinn Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, chomh maith, ar ndóigh, le hionadaíocht ó mo Roinn féin. Is faoi chathaoirleacht mo Roinne atá sé ag feidhmiú.

Ar ndóigh, tá sé i gceist go dtiocfaidh an coiste le chéile ar bhonn rialta agus mar atá leagtha amach sa phlean, go bhfoilseofar tuairisc bhliantúil maidir le dul chun cinn, tar éis don tuairisc a bheith faofa ag an Rialtas. In thaobh sin, tá beartaithe go bhfoilseofar an chéad tuairisc bhliantúil i bhfómhar na bliana seo - ina dtabhfar cuntas ar an dul chun cinn i leith an tréimhse fhorfheidhmithe Iúil 2018 go Iúil 2019.

Níor miste a lua chomh maith go leanfar leis an gCoiste Comhairleach a ceapadh in 2014 mar thaca eile d'fhorfheidhmiú rathúil na Straitéise. Tá an coiste seo comhdhéanta d’ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, An Chomhairle um Oideachais Gaeltachta & Gaelscoileanna [COGG], Gaeloideachas Teo., Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na Gael, Coláiste na bhFiann, Comhlachas na gComharchumainn Gaeltachta, Muintearas Teo./Óige na Gaeltachta, Oidhreacht Chorca Dhuibhne Teo., CONCOS, Ealaín na Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus ar ndóigh, ionadaithe ó mo Roinn féin.

Sa bhreis air sin, leanfaidh mo Roinn ag obair go dlúth, ar bhonn déthaobhach agus leanúnach, leis na Ranna agus na forais ábhartha Stáit ar mhaithe le dul chun cinn a chinntiú.

De thoradh seo ar fad, táim sásta go ndéanfar monatóireacht agus tuairisciú chuí ar chur i bhfeidhm an Phlean 5 Bliana agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1015. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta maidir le forbairt an phlean chun tacú le lánúineacha óga nó tuismitheoirí nua atá dírithe ar sheachadadh idirghlúine na Gaeilge mar atá luaite sa Phlean Gníomhaíochta, 2018-2023; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23848/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ag croílár an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge, tá breis is 180 beart atá á gcur i bhfeidhm i gcomhar le os cionn 60 páirtí leasmhar. Leagtar an bhéim is mó ar an méid a dhéanfar go sonrach ar bhonn comhpháirtíochta thar 5 bliana. Tá clár ama luaite le gach beart agus luaitear chomh maith, ar ndóigh, na páirtithe a bheidh freagrach as na bearta a chur i bhfeidhm.

Déantar cur síos sa Phlean chomh maith ar an gcur chuige a bheidh i bhfeidhm maidir le cúrsaí monatóireachta, ar mhaithe le treisiú a dhéanamh ar an gcomhpháirtíocht agus ar an gcomhúinéireacht is gá a bheith ann chun go mbeidh rath ag ár n-iarrachtaí uilig.

Ní miste a lua go raibh trí chruinniú go dtí seo ag an gcoiste stiúrtha atá bunaithe, faoi chathaoirleacht mo Roinne seo, chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta 2018-2022. Tá ionadaíocht ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, chomh maith leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige ar ndóigh ar an gcoiste seo. I gcomhréir le cinneadh an Rialtais ina leith, tá i gceist go bhfoilseofar tuairisc bhliantúil maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta tar éis an tuairisc sin a bheith leagtha os comhair an Rialtais. Foilseofar an céad tuairisc i bhfómhar na bliana seo.

Tá cistíocht faoi leith ar fiú €3.2m curtha ar fáil sa bhliain reatha chun cumasú do mo Roinn leanúint ar aghaidh agus raon leathan bearta faoi leith a thacóidh ar bhealach praiticiúil le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga agus bearta eile a bhaineann le seachadadh na Gaeilge a mhaoiniú in 2019.

Ag an bpointe ama seo, tá pleananna teanga ceadaithe agus tús á chur lena bhfeidhmiú i 14 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta. Faoi 2020, beidh gach ceantar i mbun pleananna a chur i bhfeidhm. Tá 11 Oifigeach Pleanála Teanga agus triúr Oifigigh Cúnta fostaithe sa Ghaeltacht go dáta chun na pleananna sin a chur i bhfeidhm.

Mar fhreagra ar cheist an Teachta agus in éindí le bheith ag maoiniú, feidhmiú agus ullmhú pleananna sa Ghaeltacht, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge tá bearta á mhaoiniú ag an Roinn ar bhonn lárnach mar a bhaineann sé leis na luathbhlianta; an teaghlach, na healaíona traidisiúnta agus an óige.

Tá allúntas suas le €1,027,613 thar an tréimhse 2018 go 2020 ceadaithe ag mo Roinn don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta - Beart 2,11 & 3.2 den Phlean Gníomhaíochta 2018-2022. Cuirfidh an t-allúntas seo ar chumas na heagraíochta leathnú a dhéanamh ar an raon tacaíochtaí a sholáthraíonn siad do theaghlaigh atá ag tógáil a gcuid leanaí trí Ghaeilge nó ar mian leo sin a dhéanamh, agus go háirithe chun freastal ar na riachtanais a thagann chun cinn i gceantair phleanála teanga Gaeltachta. Tá leas á bhaint as an allúntas seo chun:

- 6 phost a chruthú chun an clár tacaíochta a sholáthar sna limistéir pleanála teanga ábhartha Ghaeltachta;

- an tseirbhís a bhíodh á chur ar fáil i nGaeltacht na Gaillimhe agus Thír Chonaill a fhorbairt tuilleadh agus freastal ar an éileamh i gceantair Ghaeltachta eile; agus

- san áireamh san allúntas seo, tá maoiniú á chur ar fáil i leith an Phacáiste Tacaíochta Teaghlaigh, a bunaíodh in 2012 agus a bhfuil an fhreagracht maidir lena riar aistrithe ón Roinn chuig

Tuismitheoirí na Gaeltachta ó thús 2019. Beidh forbairt a dhéanamh ar an bpacáiste sin de réir a chéile.

Chuir Tuismitheoirí na Gaeltachta in iúl don Roinn ag cruinniú monatóireachta le gairid go bhfuil ceathrar ball fóirne fostaithe go data agus go mbeidh dhá phost eile á fhógairt go luath, a chuimseoidh dóibh iomlánú a dhéanamh ar an tseirbhís.

Chomh maith leis sin tá allúntas breise €1.26m thar an tréimhse 2018 go 2021 ceadaithe ag mo Roinn don eagraíocht Comhar Naíonraí na Gaeltachta(CNNG) – Beart 2.11, 3.1 & 3.2 den Phlean Gníomhaíochta 2018-2022. Cuirfidh an t-allúntas seo ar chumas na heagraíochta leathnú a dhéanamh ar an raon tacaíochtaí a chuirtear ar fáil do sheirbhísí luathbhlianta na Gaeltachta. Bainfidh CNNG leas as an allúntas chun:

- beirt oifigeach cúnta breise a fhostú;

- 8 seirbhís bhreise a ghlacadh ar lámh in 2018/2019, 10 seirbhís in 2019/2020 agus 2 sheirbhís in 2020/2021 (20 in iomlán);

- riaradh a dhéanamh ar an Scéim Seirbhísí Réamhscoile agus Iarscoile (SSRI) thar ceann na Roinne;

- tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil do 20 seirbhís a bhíonn ag feidhmiú trí Bhéarla chun úsáid na Gaeilge a spreagadh ina seirbhísí agus é seo a mhéadú go 30 in 2019 agus go 40 in 2020;

- feasacht a fhorbairt agus cumarsáid a dhéanamh le 2,500 tuismitheoir; agus

- treoir a chur ar fáil do naíonraí agus nasc a chothú leis na bunscoileanna Gaeltachta.

Ní miste a lua chomh maith go gcuireann Údarás na Gaeltachta maoiniú bliantúil de €535,000 ar fáil chomh maith do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta chun a gcuid gníomhaíochtaí a mhaoiniú.

Cheadaigh Foras na Gaeilge cistíocht arbh fhiú €15,000 do Chumann an Phiarsaigh chun scoláireachtaí Gaeltachta a thairiscint do theaghlaigh a bhfuil páistí ag freastal ar oideachas lán Ghaeilge – Réimse 3.4.

Cuimsítear tacaíocht theoranta do réimse sheachadadh idirghlúine na Gaeilge laistigh de chlár oibre Ghlór na nGael in 2019. Ag cruinniú in 2018, cheadaigh Bord Fhoras na Gaeilge maoiniú nach mó ná €1,078,615 do Ghlór na nGael don obair mar cheanneagraíocht ina bhfuil seachadadh na Gaeilge ó ghlúin go glúin mar cheann de na cúramaí – Réimse 3.5, 3.6 agus 3.7.

I gcomhréir le beart 3.12 den phlean, tá leibhéal uasta maoinithe caipitil atáthar ag sholáthar do thograí luathbhlianta faoin Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga mo Roinne méadaithe go 95%.

I gcomhréir le beart 3.10 den phlean, tá coiste stiúrtha bunaithe ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige - a bhfuil ionadaithe ó Ranna agus gníomhaireachtaí ábhartha air - chun maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú plean cuimsitheach don earnáil luathoideachais Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.