Written answers
Tuesday, 11 June 2019
Department of Housing, Planning, and Local Government
Seirbhísí trí Ghaeilge
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
985. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government cad iad na rialacha atá i bhfeidhm maidir le cumas Gaeilge na n-oibrithe a oibríonn sna hionaid vótála a fheidhmíonn i gceantair Ghaeltachta le linn toghchán/reifreann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23845/19]
John Paul Phelan (Carlow-Kilkenny, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ní forálacha ar bith sa dlí toghcháin a bhaineann le cumas Gaeilge na foirne a oibríonn in stáisiúin vótála i gceantair Ghaeltachta. Foráiltear sa dlí toghcháin go mbeidh stiúradh na dtoghchán faoi gach ceann comhairimh áitiúil.
Mar sin féin, eisíonn mo Roinn treoir chuig gach ceann comhairimh áitiúil roimh gach vótáil, lena n-áirítear an vótáil is déanaí a rinneadh an 24 Bealtaine 2019. Sa treoir sin, iarrtar ar chinn chomhairimh a chinntiú go bhfuil an inniúlacht ag na hoifigigh cheannais agus ag na cléirigh vótála a cheaptar ar na stáisiúin vótála sa Ghaeltacht chun a ndualgais a chur i gcrích i nGaeilge.
No comments