Written answers

Tuesday, 28 May 2019

Department of Justice and Equality

Seirbhísí Aistriúcháin

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

176. To ask the Tánaiste and Minister for Justice and Equality cé mhéad airgid a caitheadh ar sheirbhísí ateangaireachta i gcúirteanna na tíre gach bliain le cúig bliana anuas arna mhionshonrú de réir teanga; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22849/19]

Photo of Charles FlanaganCharles Flanagan (Laois, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, faoi fhorálacha an Achta um Sheirbhís Chúirteanna, 1998, is í an tSeirbhís Chúirteanna atá freagrach as bainistiú na gcúirteanna, agus tá an tSeirbhís sin neamhspleách ag feidhmiú a feidhmeanna di, lena n-áirítear eolas a sholáthar faoi chóras na gcúirteanna.

Chun cuidiú leis an Teachta, áfach, chuir mé fiosrúcháin á ndéanamh agus tá caiteachas na Seirbhíse Cúirteanna ar sheirbhísí ateangaireachta de réir Contae do na blianta 2014-2018 curtha ar fáil aici.

Caiteachas ar Sheirbhísí Ateangaireachta de réir Contae le linn 2014-2018

Contae2014 €2015 €2016 €2017 €2018 €
Ceatharlach8,135.5813,611.6215,431.3119,624.7033,611.43
An Cabhán35,945.4029,827.9529,563.1223,430.3741,748.81
An Clár8,538.745,600.445,347.772,561.212,364.91
Corcaigh82,904.9282,366.3874,730.4789,849.90121,246.19
Dún na nGall19,432.8420,806.6225,540.9721,611.2319,068.81
Baile Átha Cliath411,901.49360,460.85393,607.83402,192.61301,002.17
Gaillimh23,503.8326,352.4834,638.5727,347.0421,031.54
Ciarraí33,876.1230,221.1239,107.3344,569.0641,817.32
Cill Dara58,870.3811,069.0761,017.2740,380.9068,318.69
Cill Chainnigh4,814.597,056.678,065.638,513.564,342.32
Laois16,515.1713,040.7311,573.0418,514.2121,588.38
Liatroim995.634,661.8810,703.887,041.575,284.68
Luimneach11,284.3418,745.9022,899.7131,579.5352,608.62
An Longfort4,754.658,045.676,207.769,704.5015,683.01
53,780.5741,286.5853,768.3044,962.6240,030.50
Maigh Eo9,509.044,650.629,268.1912,453.569,335.10
Muineachán34,682.3931,574.5538,760.3739,265.9553,615.49
Uíbh Fhailí17,244.4220,405.7312,690.204,359.1915,303.75
Ros Comáin17,832.2116,130.5917,313.2920,290.8823,437.90
Sligeach7,398.076,170.999,248.086,536.297,586.36
Tiobraid Árann27,906.1925,536.3243,914.6837,548.6558,599.18
Port Láirge20,541.4217,397.1315,277.2517,438.31433.80
An Iarmhí49,552.1879,763.5970,830.7954,276.1055,289.73
Loch Garman35,711.1534,577.1239,806.5945,039.9354,633.68
Cill Mhantáin11,931.2014,129.8816,383.082,587.049,911.37
An tIomlán1,007,562.52923,490.481,065,695.481,031,678.911,077,893.74

Tá curtha in iúl ag an tSeirbhís Chúirteanna nach féidir briseadh síos a chur ar fáil ar an gcaiteachas sin de réir teanga. Tá eolas maidir le líon na n-iarrataí ar theangacha do na blianta 2015-2018 leagtha amach sa tábla thíos, áfach. Tá curtha in iúl ag an tSeirbhís Chúirteanna nach bhfuil a mhacasamhail de bhriseadh síos do 2014 ar fáil go réidh.

síos do 2014 ar fáil go réidh.

Iarrataí ar Ateangaireacht de réir Teanga 2015-2018

Teanga2018201720162015
Polainnis2,5872,1552,4202,141
Rómáinis1,5411,3061,4491,433
Liotuáinis1,1821,0791,0811,049
Rúisis905819797712
Laitvis312284240259
Mandairínis205149243251
Portaingéilis430357232166
Seicis176164194160
Fraincis12614197120
Araibis276167183118
Eile1,3301,1761,0791,081
Iomlán9,0707,2178,0157,490

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.