Written answers
Thursday, 9 May 2019
Department of Environment, Community and Local Government
Craoltóirí Seirbhíse Poiblí
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
149. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government an ndearna sé plé le húdaráis RTÉ maidir le teip an stáisiúin a gcuid dualgas reachtúil i leith craolachán i nGaeilge a chomhlíonadh; cad iad na torthaí a bhí aontaithe; cad é an plean gníomhaíochta a aontaíodh agus cad é an t-amlíne chun é a chur i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20193/19]
Richard Bruton (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
De réir Alt 98 den Acht Craolacháin 2009, is craoltóir neamhspleách náisiúnta seirbhíse poiblí é RTÉ agus, ar an ábhar sin, níl aon ról agamsa mar Aire ina chuid oibríochtaí ó lá go lá. Foilsíonn RTÉ Ráitis Bhliantúla ar Ghealltanais Feidhmíochta le spriocanna a bhaineann le réimse seirbhísí, an Ghaeilge san áireamh. Déanann Údarás Craolacháin na hÉireann, mar rialtóir neamhspleách, athbhreithniú ar a fheidhmíocht i gcomhthéacs na spriocanna sin gach bliain.
No comments