Written answers

Thursday, 9 May 2019

Department of Education and Skills

Clár Foghlamtha Comhtháite Ábhar agus Teangacha

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

59. To ask the Minister for Education and Skills cad iad sonraí na réamhscoileanna, na mbunscoileanna agus na n-iar-bhunscoileanna, go háirithe ainm, áit agus uimhir na scoileanna sin, a bheidh ag glacadh páirt sa Chlár Foghlamtha Comhtháite Ábhar agus Teangacha le linn scoilbhliain 2019/2020; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20190/19]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

60. To ask the Minister for Education and Skills cad é líon na múinteoirí i ngach scoil atá ag glacadh páirt sa Chlár Foghlamtha Comhtháite Ábhar agus Teangacha le linn scoilbhliain 2019/2020 agus atá cáilithe chun ábhair eile, seachas an Ghaeilge, a mhúineadh trí mheán na Gaeilge sna scoileanna sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20191/19]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

61. To ask the Minister for Education and Skills cad é líon na ndaltaí a ghlacfaidh páirt sa Chlár Foghlamtha Comhtháite Ábhar agus Teangacha le linn scoilbhliain 2019/2020 agus cad iad na ranganna/blianta scoile lena mbaineann siad de réir scoile i bhfoirm tábla; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20192/19]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 59, 60 agus 61 le chéile.

D’fhógair mé treoirthionscadal trí bliana bunaithe ar an bhFoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) mar chur chuige i dtaca le foghlaim na Gaeilge agus Nuatheangacha Iasachta an 23 AIbreán.

Beidh an treoirthionscadal á mhaoirsiú ag Grúpa Stiúrtha ar bhfuil ionadaithe ó na hInstitiúidí Ardoideachais, COGG, CNCM agus an Chigireacht chomh maith le hoifigigh eile ón Roinn.

Déanfar an treoirthionscadal seo a fhorbairt ina dhá chéim i gcás na Gaeilge. Samhlaítear go dtabharfar cuireadh do 10 scoil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla (5 bhunscoil agus 5 iar-bhunscoil) agus 2 shuíomh Luathbhlianta páirt a ghlacadh le linn na scoilbhliana 2019/20. Samhlaítear go mbeidh 10 n-iar-bhunscoil breise páirteach i dtreoirthionscadal FCÁT comhthreomhar do Theangacha Iasachta. Tá sé beartaithe go méadófar ar líon na scoileanna agus suíomhanna Luathbhlianta rannpháirteacha de réir mar a théann an treoirthionscadal ar aghaidh. Tacóidh an tonscadal le múineadh na Gaeilge trí ábhair eile, an corpoideachas san áireamh.

Tá sé ar intinn ag an Roinn seisiún eolais a eagrú sna seachtainí seo atá romhainn do pháirtithe leasmhara chun tuilleadh a mhíniú faoin tionscadal agus ina dhiaidh sin tabharfar cuireadh do scoileanna agus suíomhanna Luathbhlianta páirt a ghlacadh.

English Translation:

I announced a three-year pilot project based on Content and Language Integrated Learning (CLIL) as an approach to learning Irish and Modern Foreign Languages on the 23rdApril. This pilot project will be overseen by a Steering Group which includes representatives from the Higher Education Institutions, COGG, the NCCA and the Inspectorate as well as other officials from the Department. This pilot project will be developed over two phases in the case of Irish. It is expected that 10 English-medium schools (5 primary and 5 post-primary) and 2 Early Years settings will be invited to participate during the 2019/20 school year. An additional 10 post-primary schools are expected to participate in a parallel CLIL pilot project for Foreign Languages. It is planned that the number of participating schools and Early Years settings will be increased as the pilot progresses. The project will support the teaching of Irish through other subjects including PE.

The Department plans to hold an information session in the coming weeks for interested parties to explain more about the project after which schools and Early Years settings will be invited to participate.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.