Written answers

Tuesday, 16 April 2019

Department of Education and Skills

Comhfhreagras Rannach

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

195. To ask the Minister for Education and Skills cén uair a eiseoidh an tAire Stáit ina Roinn freagra ar litir (sonraí tugtha) a chuir sé ar aghaidh chuige; cén fáth nár freagraíodh go dáta é; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17571/19]

Photo of John HalliganJohn Halligan (Waterford, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Obríocht shuntasach is ea Iompar Scoile atá á bhainistiú ag Bus Éireann thar ceann na Roinne.

I láthair na huaire iompraítear breis is 117,500 leanbh lena n-áirítear breis is 13,000 leanbh ag a bhfuil riachtanais speisialta oideachais, i mbreis is 5,000 feithicil go laethúil chuig bunscoileanna agus iarbhunscoileanna ar fud na tíre agus clúdaítear breis is 100 milliún ciliméadar in aghaidh na bliana.

Is é cuspóir na Scéime um Iompras Scoile, i gcomhthéacs na hacmhainní atá ar fáil, ná tacú le taisteal leanaí, chuig agus ón scoil, a bhfuil cónaí orthu go hiargúlta ón áit ina bhfuil an scoil is gaire.

De ghnáth, bíonn leanaí incháilithe d’iompras scoile má shásaíonn siad na critéir a bhaineann le fad ón scoil agus má bhíonn siad ag taisteal chuig an scoil is gaire.

Tá Bus Éireann freagrach do phleanáil agus d’amchlárú na mbealaí don taisteal chun na scoile. Déanann Bus Éireann iarracht, laistigh de na hacmhainní atá ar fáil, a dheimhniú go mbíonn seirbhís iompras scoile ar leibhéal réasúnta ar fáil do gach leanbh incháilithe i gcomhthéacs na Scéime go náisiúnta. 

Cuirtear suíocháin ar fáil chuig agus ón scoil do leanaí a bhíonn ag taisteal faoin scéim um iompras scoile ar sheirbhísí tiomnaithe don taisteal scoile nó ar sheirbhísí poiblí ginearálta atá ar an sceideal. Cuireann a  leithéid seo de shocrú ar chumas leanaí freastal ar ranganna le linn na ngnáthuaireanta scoile.

Ní hionann ticéad don taisteal scoile agus gnáth-thicéad comaitéara a bhíonn bailí ar gach seirbhís phoiblí rialta ag gach am agus ní ofráiltear dá réir a leithéid. I ngeall ar na huimhreacha atá á iompar go náisiúnta, ní fhéadfaí an tsolúbthacht a sholáthar do gach leanbh incháilithe chun taisteal ar na gnáthsheirbhísí poiblí rialta, seachas mar atá leagtha amach sna téarmaí atá luaite go sonrach ar a dticéad. 

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.