Written answers

Tuesday, 5 March 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

612. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén chaoi a roinneadh an €500,000 breise a cuireadh ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le haghaidh comharchumainn agus eagraíochtaí pobalbhunaithe do 2019; cén méid breise a tugadh do gach eagraíocht faoi leith agus cén bunús a bhí leis an gcinneadh i ngach cás; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10554/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is as an soláthar airgid a chuirtear ar fáil go bliantúil d'Údarás na Gaeltachta faoi fhómhír C7 de Vóta mo Roinne a chuirtear cúnamh ar fáil d’eagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta. Ina thaobh sin, ní miste a mheabhrú don Teachta go bhfuil €3.85 milliún curtha ar fáil don Údarás faoin bhfómhír seo do 2019 – sin allúntas reatha breise de €500,000 i mbliana.

Tuigim go bhfuil buiséad iomlán de €4.225mceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta chun maoiniú a dhéanamh ar fheidhmiú Chlár Forbartha Pobail agus Teanga na heagraíochta do 2019. San áireamh sa gclár seo, bíonn soláthar maoinithe bhliantúil d’fhochuideachtaí na heagraíochta Muintearas CTR, Ealaín (na Gaeltachta) CTR agus do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta CTR chomh maith le deontais reáchtála na gcomharchumann agus na n-eagraíochtaí forbartha pobail. Ciallaíonn sé seo go bhfuil méadú de €530,000tagtha ar an mbuiséad atá á chur ar fáil don chlár seo do 2019 agus sonraithe sa tábla thíos.

Tá briseadh síos ar an leithdháileadh atá déanta ar an mbuiséad de €4.225m atá ceadaithe ag Bord an Údaráis (a fógraíodh go poiblí ar 1 Márta) leagtha amach sna táblaí thíos.

An Ciste Forbartha Pobail, Forbartha Teanga & Eagraíochtaí Forbartha Pobail 2019

-2019Méadú
-Soláthar
-
Comhar Naíonraí na Gaeltachta CTR535,000-
Muintearas CTR630,00025,000
Ealaín (na Gaeltachta) CTR357,00015,000
Clár um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDP) 140,000-
Imeachtaí agus Gníomhaíochtaí Buanaithe Teanga102,000-
Forbairt ar Thurasóireacht Chultúrtha100,00015,000
Soláthar do bhunú gréasán gteic35,00035,000
An Scéim Fiontar Pobail50,0002,000
Deontas Reáchtála na nEagras Pobail2,276,000438,000
Iomlán€4,225,000€530,000
Eagras Pobail Soláthar

2018
Soláthar

2019
Dún na nGall
Comharchumann Oileán Árainn Mhór Teo€90,000€107,000
Comharchumann Thoraí Teo€90,000€107,000
Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo.€63,000€73,500
Comharchumann na nOileán Beag Teo.€32,000€36,000
Lár Chomhairle Paróiste Gleann Cholm Cille CTR€50,000€60,500
Céim Aniar CTR€58,000€66,000
Pobal Eascarrach CTR€38,000€47,000
Forbairt Eachla CTR€30,000€48,000
Le bunú – Fánaid *€10,000€40,000
Iomlán - Dún na nGall€585,000
Maigh Eo
Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla CTR€73,000€85,000
Comhar Dún Chaocháin Teo€46,000€50,000
Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile Eachléim Teo.€52,000€61,000
Coiste Cultúr Teanga & Forbartha T.M.E Teo€39,000€59,000
Iomlán - Maigh Eo€255,000
Gaillimh
Comhar Caomhán Teo.€90,000€107,000
Comharchumann Forbartha Árann Teo.€97,000€107,000
Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo.€59,000€69,000
Comharchumann Shailearna Teo.€62,000€71,000
Comhairle Ceantar na nOileán CTR€52,000€62,500
Comharchumann Sliogéisc Chonamara Teo**€0€35,000
Forbairt Chonamara Láir Teo€58,000€67,500
Comharchumann Mhic Dara Teo.€58,000€69,000
Comhlacht Forbartha An Spidéil CTR€38,000€45,000
Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn CTR€38,000€47,500
Comhlacht Forbartha Inis Meáin CTR€80,000€104,000
Comhar Chuigéil (Leitir Mealláin) Teo€38,000€42,000
Iomlán - Gaillimh€826,500
An Mhí
Comharchumann Ráth Chairn Teo.€59,000€68,500
Iomlán – An Mhí€68,500
Ciarraí
Comharchumann Forbartha Léith Triúigh Teo.€60,000€67,500
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo.€74,000€86,000
Comhchoiste Ghaeltachtaí Chiarraí Theas CTR***€61,000€101,000
Forbairt na Dromada Teo.€49,000€56,500
Iomlán - Ciarraí€311,000
Corcaigh
Comharchumann Chléire Teo.€90,000€106,000
Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teo.€50,000€60,000
Iomlán - Corcaigh€166,000
Port Láirge
Comhlucht Forbartha na Déise CTR€54,000€64,000
Iomlán – Port Láirge€64,000


Soláthar Iomlán


€1,838,000


€2,276,000

*I 2018 ceadaíodh soláthar le tacú le heagras pobail nua a bhunú le freastal ar cheantar na Gaeltachta Láir i dTír Chonaill agus bunaíodh an comhlacht Forbairt Eachla CTR.

Tá soláthar de €40,000 ceadaithe anois freisin le tabhairt faoi chéimeanna le heagraíocht forbartha pobail nua a bhunú i bhFánaid agus beidh céimeanna á dtógáil chuige sin in 2019.

**Comharchumann Sliogéisc Chonamara Teo. (C.S.C. Teo.) Le roinnt míonna anuas tá athstruchtúrú iomlán déanta ar C.S.C. Teo. agus tá coiste nua tofa le tacaíocht iomlán ó bhaill an Chomharchumainn. Tá plean forbartha curtha le chéile chun sástachta na mbaill agus tá gá le bainisteoir/ Oifigeach Forbartha a fhostú le cuidiú leis an gComharchumann a phleananna forbartha a chur i bhfeidhm. Tá deontas reáchtála €35,000 ceadaithe don gcomharchumann pobail seo atá ag tabhairt deis d’iascairí agus d’fheirmeoirí beaga atá lonnaithe i gceantar tearcfhorbartha breis airgid a shaothrú agus bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar an acmhainn luachmhar seo. Tá forbairt acmhainní mara aitheanta mar chuid lárnach de straitéis forbartha Údarás na Gaeltachta. Sa gcomhthéacs seo beifear ag díriú ar fhorbairt na hacmhainne sliogéisc i gcuan Chill Chiaráin mar chuid thábhachtach agus luachmhar den acmhainn sin.

**  Comhchoiste Ghaeltachtaí Chiarraí Theas CTR. Anuas ar an soláthar breise atá ar fáil do Chomhchoiste Ghaeltachtaí Chiarraí Theas CTR faoi na critéir thuasluaite, tá maoiniú breise ceadaithe don eagras le tacú le Bainisteoir Tionscnaimh a fhostú le tabhairt faoin chlár oibre atá ag éirí as tuairisc Thascfhórsa Uíbh Ráthaigh agus mar pháirt mhaoiniú ar an dtacaíocht a ceadaíodh le gairid faoin gCiste um Athghiniúint Réigiúnach.

Maidir leis na deontais  atá ceadaithe  do na nEagrais Forbartha Pobail tuigim go bhfuil méadú buiséid i gceist do gach eagras i 2019 agus  go bhfuil  an soláthar do gach eagras bunaithe ar chlár oibre agus gníomhaíochtaí faoi leith atá agus a bheidh idir lámha ag na heagrais. Cuireadh na méadaithe buiséid i bhfeidhm de réir critéir sonrach ag brath ar chúinsí agus rannpháirtíocht na n-eagras i ngníomhaíochtaí mar seo leanas:

- Freagrach as ullmhú/feidhmiú pleananna teanga

- Ag cur scéim pinsin ar fáil do na bainisteoirí

- Eagras ar Oileán

- Forbairt ar Thograí Nua

- Clár Oibre agus Acmhainn Foirne Lánaimseartha a éascú

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.