Written answers

Tuesday, 5 March 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

609. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht eolas maidir leis na na nithe seo a leanas a thabhairt cothrom le dáta i dtáblaí (sonraí tugtha) [10452/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá na sonraí atá iarrtha ag an Teachta leagtha amach sa tábla thíos:

ContaeLíon Iarratais CeadaitheLíon Iarratais nár Ceadaíodh Iomlán an mhaoinithe a ceadaíodh 
Dún na nGall10€5,000
Maigh Eo000
Gaillimh20€10,000
Ciarraí000
Corcaigh000
Port Láirge000
An Mhí000
Iomlán30€15,000

Mar atá ráite agam roimhe seo, tuigim ó Údarás na Gaeltachta go mbíonn siad ag bualadh lena gcuid cliantchomhlachtaí go rialta chun aon ábhar imní i dtaca leis an mBreatimeacht a phlé agus chun tacú le comhlachtaí agus iad a spreagadh le hanailís a dhéanamh ar thacaíochtaí margaíochta agus forbairtí straitéiseacha ar a ngnó a phlé.

Ar ndóigh, san idirbheartaíocht leanúnach atá ar siúl ag an Údarás lena gcliaint, tá gach comhlacht curtha ar an eolas faoina scéimeanna atá ar fail, ach is beag comhlachtaí atá ag baint leasa as an scéim ‘Bí Réidh’ féin.

Tuigim go bhfuil an líon beag iarratas a fuarthas faoi scéim ar aon dul leis an éileamh go ginearálta atá faighte ag Fiontraíocht Éireann ar a macasamhail de scéim Be Prepared. 

É sin ráite, tuigim go bhfuil leas agus spéis bainte ag cliaint an Údaráis as scéimeanna eile atá ar fáil dóibh agus ceadaíodh €1.8m de thacaíocht in iomlán in 2018 do scéimeanna i leith Taighde & Forbairt, Rochtain ar Mhargaí, Tacaíocht d’Eochair Phostanna agus an Scéim Céimithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.