Written answers

Tuesday, 5 March 2019

Department of Employment Affairs and Social Protection

Scéimeanna Fostaíochta

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

532. To ask the Minister for Employment Affairs and Social Protection an gceapfar cinnire ógra úr ar scéim fostaíochta pobail (sonraí tugtha) i nDún na nGall; an sealbhóir reatha ar tí éirí as an phost; muna gceapfar, an dtuigeann sí nach mbeidh aon duine ar fáil ina háit chun an tseirbhís don óige a riaradh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10293/19]

Photo of Regina DohertyRegina Doherty (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is éard a bhíonn i Scéimeanna Oibre amhail an Fhostaíocht Phobail (FP) ná tionscnaimh dhearfacha a chuireann ar chumas na ndaoine a bhíonn dífhostaithe go fadtéarmach a gcion a dhéanamh ar mhaithe lena bpobail le linn dóibh cur lena scileanna féin chun ullmhú i gcomhair na fostaíochta ionchais san am le teacht. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil an rannpháirtíocht sna scéimeanna seo ceaptha le maireachtáil go ceann téarma shocraithe shealadaigh agus ní poist inbhuanaithe lánaimseartha iad na háiteanna atá á dtairiscint. Críochnóidh an duine lena mbaineann i scéim Oileán na nÓg, Club Óige Chríost Rí, a teidlíocht ar 156 seachtaine sa scéim i Meitheamh 2019. Iarrfar an tráth sin duine chun teacht in ionad an duine reatha maidir leis an bpost atá á shealbhú aici faoi láthair. Fógrófar iarratais ar an bpost ar Jabanna Éireann (Jobsireland) agus tarlóidh an gnáthphróiseas earcaíochta i gcomhar le grúpa coimircíochta na Fostaíochta Pobail agus le seirbhís INTREO áitiúil na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.