Written answers

Thursday, 21 February 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Buiséad Údarás na Gaeltachta

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

64. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad airgead a bheartaítear a chur ar fáil in 2019 d’Údarás na Gaeltachta, agus an méid sin briste síos idir soláthar caipitil agus reatha; cé mhéad airgead a bheartaítear a sholáthar don Údarás faoin bPlean Forbartha Náisiúnta (Tionscadal Éire 2040); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8593/19]

Photo of Josepha MadiganJosepha Madigan (Dublin Rathdown, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Léiríonn an tábla thíos an soláthar airgid atá curtha ar fáil d’ Údarás na Gaeltachta in 2019:

Údarás na Gaeltachta2019

Reatha €000
2019

Caipitil €000
C6 - Reatha Riaracháin€9,442
C7 - Reatha (Teangabhunaithe)€3,850
C8 – Caipiteal €9,700*
Iomlán€13,292€9,700

*Maidir leis an soláthar caipitil do 2019, tá suim de €0.7m nár chaith mo Roinn in 2018 tugtha ar aghaidh go 2019 le cur isteach i mbuiséad caipitil an Údaráis.  Ciallaíonn sé seo go mbeidh buiséad iomlán caipitil de €9.7m á chur ar fáil ag mo Roinn don Údarás in 2019 le caitheamh ar thograí fostaíochta agus tá sé san áireamh sa  bhfigiúr a sholáthraítear.

Ár ndóigh, sa bhreis air sin, ní miste a mheabhrú don Teachta  go bhfuil maoiniú de €3.86m  san iomlán  ceadaithe faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe do sheacht thogra rathúil de chuid Údarás na Gaeltachta agus  go bhfuil  maoiniú caipitil de €2m á chur ar fáil faoin gCiste Forbartha Réigiúnach  chun ionad nuálaíochta agus forbartha mara a fhorbairt ar Pháirc na Mara i gCill Chiaráin, Co. na Gaillimhe.

leis an bPlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027, is mian liom a chur in iúl  don Teachta go bhfuil gealltanas  tugtha ann go méadófar, ar bhonn chéimiúil, buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta go €12m in aghaidh na bliana.  Tá céim shuntasach tógtha ag an Rialtas chuige sin i mbliana le bunbhuséad na heagraíochta méadaithe ó €7m i 2018 go €9m i 2019.  Tiocfaidh tuilleadh sonraí chun cinn maidir le maoiniú do thograí agus cláir ar leith, chomh maith le hamscála an chaiteachais ina leith, de réir mar a rachfar tríd an bpróiseas meastóireachta agus pleanála atá leagtha síos faoin gCód um Chaiteachas Poiblí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.