Written answers
Tuesday, 19 February 2019
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Oidhreacht
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
699. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an raibh aon chomhráití aici leis an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála maidir le hiarratas a dhéanamh chuig na hÚdaráis sa Vatacán chun iarracht eile a dhéanamh teacht ar chnámha Aoidh Uí Neill i Séipéal San Pietro sa Róimh, mar gheall ar an tábhacht stairiúil a bhaineann le hAodh Ó Néill; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8409/19]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Bhí clár comórtha speisialta ann ag comóradh 400 bliain ó 'Eitilt na n-Iarlaí'. Eagraíodh imeachtaí ar fud na hÉireann, trasna na hEorpa agus chríochnaigh an clár sa Róimh.
Tá fhios agam nach raibh rath ar na hiarrachtaí chun aon iarsmaí de chuid Aodh Ó Néill in eaglais Naomh Pietro a aimsiú agus a aithint. Níl aon phleananna ag an am seo le haghaidh cuardaigh eile.
No comments