Written answers

Tuesday, 12 February 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéim na mBóithre Áise

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

779. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad iad na pleananna atá aici chun Scéim na mBóithre Áise a chur ar bun athuair, chun freastal ar thithe agus bóithre feirme i gceantair Ghaeltachta ar fud na tíre (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6920/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoi Scéim na mBóithre Áise de chuid mo Roinne, chuirtí airgead ar fáil do na húdaráis áitiúla ar mhaithe le obair dheisiúcháin a dhéanamh ar bhóithre beaga faoi leith sa Ghaeltacht.

Le go mbeadh bóthar cáilithe chun críche na scéime, ba ghá roinnt coinníollacha faoi leith a bheith comhlíonta, ina measc; gur bóthar é nach raibh faoi chúram an údaráis áitiúil ábhartha agus gur bóthar é a bhí ag freastal ar theach amháin ar a laghad móide gabháltas talún nach le húinéir an tí é. Bhí sé mar choinníoll faoi leith chomh maith nach raibh aon gheata transna an bhóthair a thabharfadh le tuiscint don saol fodhlach go raibh cosc orthu an bóthar a úsáid. Mar is eol don Teachta tá an scéim ar fionraí le tamall de bhlianta anois.

Tuigtear go gcuimsítear feabhas ar bhóithre den chineál atá luaite anois faoi Scéim Feabhsúcháin Áitiúil atá faoi stiúir na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

780. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad iad na pleananna atá aici chun scéim deontais bóithre straitéiseacha a chur ar bun sa Ghaeltacht, le slí rochtana a chur ar fáil ar fud na Gaeltachta agus ar fud na tíre, ag cur i gcuntas go bhféadfaí, leis an airgead nár caitheadh sna buiséid éagsúla atá faoina cúram, maoiniú a chinntiú do scéim dá leithéid; cén uair a bhféadfadh a leithéid de scéim a bheith ag feidhmiú; an mbeadh sí sásta dá gcuirfí plean ilbhliantúil ar bun chun déileáil leis an easpa tograí bonneagair i gceantair Ghaeltachta ó cuireadh an scéim ar fionraí sa bhliain 2010; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6921/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, tá Scéim na mBóithre Straitéiseach faoina mbíodh ciste airgid á chur ar fáil ag mo Roinn do na húdaráis áitiúla ábhartha chun athchóiriú agus uasghrádú a dhéanamh ar bhóithre áirithe sa Ghaeltacht ar fionraí le tamall de bhlianta anuas.

Is ar na húdaráis áitiúla ábhartha atá an fhreagracht anois maidir le bóithre straitéiseacha sa Ghaeltacht, ach an oiread leis an gcuid eile den tír.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.