Written answers
Tuesday, 12 February 2019
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí Farantóireachta
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
777. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén stádas atá ag an gconradh le haghaidh seirbhís farantóireachta gasta, atá le riaradh idir Toraigh agus an tír mór; cén dáta a rachaidh an conradh reatha in éag; cathain a bhronnfar conradh úr; an dtig léi sonraí a thabhairt faoin chonradh seo, mar shampla cén dáta a thosóidh an tseirbhís nua seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6918/19]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá comhaontú idir mo Roinn agus Comharchumann Thoraí Teoranta faoina maoiníonn mo Roinn seirbhís sealadach farantóireachta gasta idir Thoraigh agus an mórthír. Beidh an socrú sin i bhfeidhm ar a laghad go dtí 30 Aibreán 2019. Idir an dá linn, reáchtálfaidh mo Roinn comórtas úr tairisceana d'fhonn conradh dhá bhliain don tseirbhís seo a thosódh ar 1 Bealtaine 2019, a aontú.
No comments