Written answers

Tuesday, 29 January 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

620. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhféadfadh sí cur leis an bhfreagra a fuair mé ón Aire Oideachas agus Scileanna ar an gceist a chuir mé air (sonraí tugtha). [4052/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a bhfuil ráite i bhfreagra an Aire Oideachais agus Scileanna ar cheist an Teachta nótáilte.

Mar is eol don Teachta, is í mo Roinnse atá freagrach as comhordú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Déantar é sin i gcomhar leis na páirtithe leasmhara éagsúla a bhfuil baint acu leis an scéal, lena n-áirítear ach go háirithe na Ranna Rialtais ábhartha - ina measc, an Roinn Oideachais agus Scileanna.

I gcomhthéacs an chúraim atá sannta do mo Roinnse mar a bhaineann sé comhordú ar chur chun feidhme na Straitéise, chuaigh an Roinn i ndáil comhairle leis na Ranna agus na forais ábhartha eile sular foilsíodh an Plean Gníomhaíochta 2018-2022 i mí Meithimh 2018.

Sa phlean sin ina ndéantar rianú beacht ar cad atá déanta, ar bun agus beartaithe chun tuilleadh cúraim agus dlús a chur le forfheidhmiú na Straitéise, leagtar amach cad go baileach a dhéanfar go ceann cúig bliana ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Faoi réimse gnímh 1 den phlean, eadhon an tOideachas, leagtar amach ann cad atá beartaithe ag an Roinn Oideachais augs Scileanna a dhéanamh go sonrach (i gcomhar le páirtithe eile de réir mar a bhaineann) chun cúram a dhéanamh de ghnóthaí Gaeilge i gcomhthéacs na freagrachta atá uirthi ina leith, ní amháin mar chuid den chóras oideachais trí chéile ach i gcomhthéacs an dualgais atá uirthi mar a bhaineann sé le forfheidhmiú na Straitéise - a bhfuil freagracht thras-Rannach bainteach léi agus beannacht thras-Rialtais aici.

Ach an oiread le gach Roinn Stáit agus páirtí leasmhar ábhartha eile, tá mo Roinn ag súil go mór le bheith ag leanúint ag obair ar bhonn comhpháirtíochta leis an Roinn Oideachais agus Scileanna ar mhaithe le tuilleadh dul chun cinn a chinntiú maidir le cur chun feidhme na mbearta atá sannta sa phlean agus a bhaineann leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.