Written answers

Tuesday, 22 January 2019

Department of Education and Skills

Cóiríocht Scoile

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

224. To ask the Minister for Education and Skills cén fáth gur diúltaíodh d’ iarratas ar chóiríocht bhreise ó scoil i gcontae Dhún na nGall (sonraí curtha ar fáil); an aithníonn sé go bhfuil géarghá ann le seomra ilfhóinteach a thógáil ar shuíomh na scoile chun freastal ar riachtanais oideachais, oiliúna agus eile de chuid daltaí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3051/19]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta Dála go bhfuil seomra ilchuspóireach na scoile in úsáid mar chóiríocht do sheomra ranga príomhshrutha, agus go bhfuil an socrú seo ann le roinnt blianta anuas. Rinne an scoil iarratas ar sheomra ranga breise ansin chun go bhféadfaí an seomra ilchuspóireach a fháil ar ais le haghaidh na húsáide dá raibh sé beartaithe ar dtús.

Mar thoradh ar éilimh éagsúla atá in iomaíocht lena chéile a bheith ar bhuiséad caipitil na Roinne tá ar an Roinn an maoiniú atá ar fáil a chur in ord tosaíochta le haghaidh cóiríocht seomra ranga fíor-riachtanach chun freastal ar éileamh déimeagrafach.

Dá bhrí sin ní raibh ar chumas mo Roinne deontas don gcuspóir sin a chur ar fáil. Scríobh an scoil chuig mo Roinn le déanaí maidir leis an scéal agus tabharfaidh mo Roinn freagra ar litir na scoile go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.