Written answers

Tuesday, 22 January 2019

Department of Education and Skills

Scoileanna Lán-Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

47. To ask the Minister for Education and Skills cén fáth nach bhfuil an deontas do scoileanna lán-Ghaeilge á íoc le scoileanna atá faoi chúram na gCoistí Oideachais agus Oiliúna, na bPobalscoileanna agus na Scoileanna Cuimsitheacha; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2634/19]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sna socruithe cistiúcháin atá déanta ag an Roinn le haghaidh meánscoileanna deonacha, scoileanna cuimsitheacha agus pobail agus le haghaidh scoileanna agus coláistí na mBord Oideachais agus Oiliúna (BOO) léirítear na socruithe éagsúla bainistíochta agus úinéireachta a bhaineann le scoileanna an dara leibhéil.

Maoinítear meánscoileanna deonacha i scéim an tSaoroideachais, atá faoi úinéireacht agus bhainistíocht phríobháideach, trí dheontais per capita. Íoctar deontas per capita breise le scoileanna in earnáil na meánscoileanna deonacha ina múintear trí Ghaeilge go hiomlán nó i bpáirt. Ní hé seo an modh maoinithe áfach, a bhaineann le hearnálacha na scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha ná le scoileanna na mBord Oideachais agus Oiliúna. I gcás na hEarnála Pobail agus Cuimsithí cuireann an Roinn maoiniú ar fáil ar bhonn buiséid atá bunaithe go príomha ar líon na scoláirí. Lena chois sin glactar san áireamh fachtóirí breise a athraíonn ó scoil go chéile, fachtóirí ar nós bail na bhfoirgneamh, méid na scoile srl.

Déantar leithdháiltí ar na BOO ar bhonn buiséid i ndáil le costais ardoifige agus costais eile lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le scoileanna. Tugtar a lán neamhspleáchas do Bhoird Oideachais agus Oiliúna maidir le bainistiú agus leithreasú a gcuid buiséad agus tá cead ag gach BOO a chuid leithdháiltí a dháileadh amach de réir na dtosaíochtaí atá aige agus de réir a chuid riachtanas. Ní mór saincheisteanna maidir le maoiniú i dtaobh scoile ar leith a bhainistiú ó bhuiséad an Bhoid Oideachais agus Oiliúna lena mbaineann. Ní chuireann an Roinn leithdháiltí maoinithe ar leataobh do scoileanna aonair in earnáil na mBord Oideachais agus Oiliúna.

Tuigeann an Teachtaire Dála áfach go bhfuil tuilleadh feabhsuithe fógartha i mBuiséad 2019 sa mhéid go gcuirfear maoiniú caipitlíocha méadaithe ar fáil don earnáil scoile i gcomhair na scoilbhliana 2019/20 agus sna buiséid neamh-íoc san in earnáil na mBord Oideachais agus Oiliúna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.