Written answers
Tuesday, 22 January 2019
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Údarás na Gaeltachta
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
696. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuarthas comhfhreagras ó Údarás na Gaeltachta ina bhfuil tuairim na Roinne á lorg faoi thogra i nDún na nGall (sonraí tugtha); an dtig léi a dhearbhú go bhfuil oifigigh na Roinne i mbun cainteanna foirmiúla leis an Údarás i dtaca leis an togra sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2345/19]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, tionóladh cruinniú faoin ábhar atá luaite aige ar 5 Nollaig 2018, a raibh mé féin i láthair aige.
Ag eascairt as an gcruinniú sin, aontaíodh go n-iarrfaí ar Údarás na Gaeltachta cás gnó i leith fhorbairt an togra ar mhaoin an Údaráis a chur i dtoll a chéile. Tá cáipéisíocht ina leith faighte ón Údarás ó shin atá mar ábhar plé faoi láthair idir fheidhmeannaigh mo Roinne agus an Údaráis.
Ar nós tograí caipitil eile cosúil leis an gceann seo, beifear ag féachaint chuige sa chás seo go bhfaightear an luach is fearr ar infheistíocht phoiblí ar leas an phobail go ginearálta i gcomthéacs, dár ndóigh, riachtanais an Chóid um Chaiteachas Poiblí.
Fáiltíodh go ginearálta roimh an dul chun cinn a rinneadh ag an gcruinniú thuasluaite agus is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go ndéanfar cúram cuí go céimiúil den togra seo, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus páirtithe leasmhara eile.
No comments