Written answers
Tuesday, 22 January 2019
Department of Education and Skills
Oideachas Gaeilge
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
85. To ask the Minister for Education and Skills cén uair a bheidh an t-athbhreithniú atá á dhéanamh maidir le díolúintí do dhaltaí scoile ón nGaeilge a fhoghlaim críochnaithe agus na cinntí a éireoidh as déanta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2633/19]
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an comhairliúchán poiblí maidir le beartas agus cleachtas na Roinne maidir le díolúintí ó staidéar na Gaeilge a seoladh ar 7 Nollaig 2018 críochnaithe anois.
Tá an-áthas orm leis maidir leis an leibhéal rannpháirtíochta, nach bhfacthas riamh roimhe, a chruthaigh an comhairliúchán sin. Fuarthas os cionn 10,000 freagra ar an suirbhé ar líne féin. Déanfar anailís chúramach ar fhreagraí ar an suirbhé ar líne agus ar aon fhaisnéis bhreise a gheobhaidh mo Roinn le linn na tréimhse comhairliúcháin agus déanfaidh sé sin eolas d'aon athbhreithniú breise is gá ar na dréachtchiorcláin athbhreithnithe a chuirfear i láthair saPáipéar Comhairliúcháin a threorú.
Táthar ag súil leis na ciorcláin athbhreithnithe nua faoina bhféadfar díolúintí ó staidéar na Gaeilge ag leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile a cheadú a fhoilsiú roimh dheireadh na scoilbhliana seo le cur i bhfeidhm ag scoileanna ó Mheán Fómhair 2019.
No comments