Written answers

Tuesday, 22 January 2019

Department of Agriculture, Food and the Marine

Scéim Comhshaoil ​​Talmhaíochta Carbóin Glas Íseal

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

501. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a íocfar an deontas GLAS le feirmeoir (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe; cén fáth go bhfuil moill ar an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2843/19]

Photo of Michael CreedMichael Creed (Cork North West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glacadh leis an duine ainmnithe isteach i scéim GLAS 3 agus an 1 Eanáir 2017 an dáta ar cuireadh tús leis an gconradh. Tá na híocaíochtaí ar fad a bhaineann le bliain scéime 2017 faighte ag an té sin.

Bhí moill ar réamhíocaíocht 2018 mar gheall ar fhadhb a bhain leis an éileamh Coimíneachta, atá anois réitithe. Cuirfear an t-iarratas ar aghaidh anois le seiceálacha eile bailíochta a dhéanamh air agus déanfar íocaíocht a eisiúint ach na seiceálacha sin ar fad a shásamh. Leantar le híocaíochtaí GLAS a eisiúint ar bhonn seachtainiúil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.