Written answers

Tuesday, 15 January 2019

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Teanga

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1224. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an méid scéimeanna teangacha atá á chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht faoi láthair; an caiteachas a bheidh i gceist leis na scéimeanna teanga i mbliana; and méid atá ceadaithe do gach scéim teanga don bhliain 2019; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1749/19]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ag glacadh leis gur pleananna teanga atá i gceist ag an Teachta seachas scéimeanna teanga, tá ullmhú nó feidhmiú Pleananna Teanga idir lámha i gcás gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) Gaeltachta atá aitheanta faoi Acht na Gaeltachta 2012. Tá pleananna ceadaithe faoin bpróiseas go dáta i leith 13 den 26 LPT eadhon:

- Cois Fharraige;

- Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir;

- Cloch Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach & Machaire Rabhartaigh;

- Na Déise;

- Múscraí;

- Ciarraí Theas;

- Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh;

- Ciarraí Thiar;

- Maigh Eo Thuaidh;

- Árainn Mhór;

- An Cheathrú Rua;

- Ráth Chairn & Baile Ghib;

- Conamara Láir.

Tá dhá phlean eile curtha faoi bhráid na Roinne agus iad á mheas faoi láthair:

- Ceantar na nOileán;

- Dún na nGall Theas.

Tá cistíocht faoi leith ar fiú €3.2m in iomlán curtha ar fáil faoi Bhuiséad 2019 ón Státchiste chun freastal a dhéanamh ar fheidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga, idir phleananna a ullmhú, fheidhmiú pleananna agus bhearta tacaíochta eile don phróiseas pleanála teanga i gcoitinne. Ina theannta sin, ar ndóigh, bainfear leas as an gciste ardaithe atá curtha ar fail in 2019 faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga atá á riar ag mo Roinn, chun tacú tuilleadh le feidhmiú rathúil an phróisis.

Bainfear leas as sciar den chistíocht seo chun go mbeidh Údarás na Gaeltachta in ann leanúint ar aghaidh ag tacú le hullmhú agus le feidhmiú pleananna teanga mar a bhaineann sé leis na ceantair Ghaeltachta uile, i gcomhréir leis na dualgais atá sannta don Údarás faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Mar a ndéantar gach bliain scrúdófar na héilimh faoi leith a bheidh á ndéanamh go luath ag an Údarás agus ag bhForas na Gaeilge faoi seach ar chistíocht 2019 nuair a fhaightear iad.

I gcomhréir leis an socrú a rinneadh in 2017, cuirfear ciste bliantúil ar fáil do cheanneagraíochtaí pleanála teanga ar fiú idir €100,000 agus €150,000, ag brath ar chritéir cháilithe faoi leith, chun tús a chur le feidhmiú pleananna atá faofa faoin Acht.

Seo a leanas an dáileadh airgid atá i gceist don 13 limistéar a bhfuil pleananna ceadaithe ina leith go dtí seo faoin bpróiseas:

LPT Allúntas bliantúil d’fheidhmiú Pleananna Teanga
Cois Fharraige€ 150,000
Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir€ 140,000 Bliain 1, €150,000 Bliain 2 ar aghaidh
Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhairtaigh€ 100,000
Ciarraí Thiar€ 150,000
Ciarraí Theas€ 100,000
Na Déise€ 100,000
Árainn Mhór€ 100,000
Múscraí€ 100,000
Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh€ 100,000
Maigh Eo Thuaidh€ 100,000
An Cheathrú Rua€ 100,000
Ráth Chairn & Baile Ghib€ 100,000
Conamara Láir€ 150,000
Iomlán€ 1,490,000

Ní call a rá go leanfar ag faire amach i gcaitheamh an ama ar na bealaí is fearr chun an ciste suntasach airgid atá sannta don phróiseas a chur chun fónaimh ar an gcaoi is éifeachtaí is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.