Written answers
Tuesday, 15 January 2019
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Maoiniú Údarás na Gaeltachta
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1213. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén soláthar airgid a cuireadh ar fáil i meastacháin 2018 agus i meastacháin 2019 d’Údarás na Gaeltachta, agus an méid sin briste síos idir soláthar caipitil agus reatha; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [54277/18]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Léiríonn an tábla thíos an soláthar airgid a cuireadh ar fáil don Údarás in 2018 agus an soláthar do 2019:
Údarás na Gaeltachta | 2018Reatha€000 | 2018Caipitil€000 | 2019Reatha€000 | 2019Caipitil€000 |
---|---|---|---|---|
C6 - Reatha Riarachán | €9,637* | €9,442 | ||
C7 - Reatha (Teangabhunaithe) | €3,350 | €3,850 | ||
C8 – Caipiteal | €7,638** | €9,700*** | ||
Iomlán | €12,987 | €7,638 | €13,292 | €9,700 |
* C6 2018 -Fuarthas ciste reatha breise de €0.4m don Údarás in 2018 mar thoradh ar shábháiltí in áiteanna eile i Vóta na Roinne agus tá sé san áireamh sa bhfigiúr thuas.
**C8 2018Fuarthas leithdháileadh caipitil breise de €0.638m don Údarás in 2018, mar thoradh ar shábháiltí in áiteanna eile i Vóta na Roinne agus tá sé san áireamh sa bhfigiúr thuas.
*** C8 2019Maidir leis an soláthar caipitil do 2019, tá suim de €0.7m nár chaith an Roinn in 2018 tugtha ar aghaidh go 2019 a chuirfear ar fáil do bhuiséad caipitil an Údaráis. Ciallaíonn sé seo go mbeidh buiséad iomlán caipitil de €9.7m á chur ar fáil ag mo Roinn don Údarás in 2019 le caitheamh ar chlár forbartha fiontraíochta agus fostaíochta na heagraíochta agus tá sé seo san áireamh sa bhfigiúr thuasluaite.
Is figiúirí sealadacha iad cinn 2018 a dheimhneofar i gCuntas Leithreasaithe na Roinne faoi réir iniúchadh an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.
No comments