Written answers

Tuesday, 15 January 2019

Department of Agriculture, Food and the Marine

Íocaíochtaí GLAS

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

846. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar íocaíocht faoin Scéim Ghlas don bhliain 2018 le duine (sonraí tugtha); cén mhoill atá ar an íocaíocht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1686/19]

Photo of Michael CreedMichael Creed (Cork North West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glacadh leis an duine ainmnithe thuasluaite isteach i scéim GLAS 1 agus an 1 Deireadh Fómhair 2015 an dáta ar cuireadh tús leis an gconradh. Tá na híocaíochtaí ar fad faighte ag an té sin i leith na mblianta scéime 2015, 2016 agus 2017.

Maidir le híocaíocht i leith na bliana 2018, déantar seiceálacha riaracháin, a mbíonn roinnt rannóg laistigh den Roinn rannpháirteach iontu, maidir le gach éileamh GLAS. Ní mór do gach cás seiceálacha bailíochtaithe a shásamh sular féidir íocaíocht a eisiúint. Tá oifigigh na Roinne ag obair go réamhghníomhach chun na seiceálacha a thabhairt i gcrích. A luaithe a shásóidh an cás seo na seiceálacha bailíochtaithe, déanfar an réamhíocaíocht i leith 2018. Is ar bhonn seachtainiúil a eisítear íocaíochtaí GLAS. Bhí mo Roinn i dteagmháil le pleanálaí an iarratasóra maidir leis an gconradh GLAS.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.