Written answers
Tuesday, 18 December 2018
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí Oileán
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
681. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta go dáta maidir le forbairt na Cé in Inis Oírr; cén uair a bhfuiltear ag súil leis go dtosnófar ar an obair tógála ar an gCé; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53405/18]
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil dul chun cinn maith déanta maidir le forbairt Ché Inis Oírr. Le cúnamh airgid ó mo Roinn, tá innealtóirí comhairleacha ceaptha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe i ndáil leis an togra a fhorbairt. Tá obair na gcomhairleoirí ag dul ar aghaidh agus, i láthair na huaire, táthar ag réiteach doiciméid tairisceana don obair thógála. Comhthreomhar leis sin, tá roinnt suirbhéanna riachtanacha curtha i gcríoch agus socruithe á ndéanamh do roinnt eile.
Ach obair na gcomhairleoirí críochnaithe, déanfar cinneadh maidir leis an gcéad céim eile den togra i gcomhthéacs an tsoláthair airgid a bheidh ar fáil do mo Roinn ag an am sin agus faoi réir na bhforálacha atá san áireamh i gCód Caiteachais Phoiblí an Rialtais.
No comments