Written answers

Tuesday, 18 December 2018

Department of Children and Youth Affairs

Cúram Leanaí

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

602. To ask the Minister for Children and Youth Affairs cén fáth nach bhfuil fáil trí Ghaeilge ar an scrúdú Cosanta Leanaí Children First a chaithfear a dhéanamh le cáilíocht a bhaint amach mar chúramóir nó mar fhear/bhean tí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53395/18]

Photo of Katherine ZapponeKatherine Zappone (Dublin South West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D'fhorbair Tusla an clár ríomhfhoghlama do Thús Áite do Leanaí chun tacú le cur i bhfeidhm Thús Áite do Leanaí. Modúl oiliúna 90 nóiméad is ea é atá ann, saor in aisce, do dhuine ar bith ar mhaith leo leas a bhaint as. Cé nach clár oiliúna éigeantach é seo, molann RLGÓ agus Tusla araon an clár seo do dhuine ar bith a oibríonn le leanaí.

D'fhorbair Tusla an uirlis ríomhfhoghlama seo agus is leosan é. Tuigim ón eagraíocht sin nach bhfuil aon phleananna ann faoi láthair chun an clár a chur ar fáil i nGaeilge.

Tabhair do d'aire, le do thoil, sula gcuireadh tús iomlán le forálacha an Achta um Thús Áite do Leanaí ar 11 Nollaig 2017, d'ullmhaigh mo Roinn leagan nuashonraithe agus uasdátaithe de Thús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta do Chosaint agus Leas Leanaí. Tá an foilseachán sin ar fáil i nGaeilge. Is féidir é a íoslódáil saor in aisce ó shuíomh gréasáin na Roinne, nó is féidir é a cheannach ó Oifig Fhoilseacháin an Rialtais ar €1.00. Chomh maith leis sin, rinne an Roinn go leor cóipeanna de leagan Gaeilge na Treorach Náisiúnta do Thús Áite do Leanaí a chlóbhualadh agus cuireadh iad chuig gach Gaelscoil sa tír, nuair a d'iarr an Roinn Oideachais agus Scileanna orainn a leithéid a dhéanamh.

Mar Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, nílim freagrach as scéimeanna faoi leith a riar ar nós na Scéime a luaigh an Teachta, Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, agus mholfainn dó teagmháil a dhéanamh le mo chomhghleacaí, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tuigim go bhfuil ról lárnach ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i dtacaíocht a thabhairt d'earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge, ach is ar údaráis na gcoláistí go príomha atá an cúram maidir le hearnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge a riar - agus tá a n-oibleagáidí reachtúla maidir le sábháilteacht ó dhóiteán agus le sábháilteacht leanaí san áireamh anseo. I dtéarmaí ginearálta, mar gheall ar an ról ginearálta seo, déantar comhlíonadh maidir le hoibleagáidí reachtúla a chur chun cinn, agus cinntítear go bhfuil comhlíonadh le dea-chleachtas i ngach limistéar ábhartha eile - an fheidhm teagaisc agus foghlama atá ag na coláistí san áireamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.