Written answers

Tuesday, 18 December 2018

Department of Children and Youth Affairs

Cúram Leanaí

Photo of Denise MitchellDenise Mitchell (Dublin Bay North, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

583. To ask the Minister for Children and Youth Affairs cathain a bheidh an cúrsa ar líne Children First ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta lena chinntiú nach mbeidh éagothromas ann maidir leis na seirbhísí a bhaineann le Children First. [52857/18]

Photo of Katherine ZapponeKatherine Zappone (Dublin South West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D'fhorbair Tusla an clár ríomhfhoghlama do Thús Áite do Leanaí chun tacú le cur i bhfeidhm Thús Áite do Leanaí. Modúl oiliúna 90 nóiméad is ea é atá ann, saor in aisce, do dhuine ar bith ar mhaith leo leas a bhaint as. Cé nach clár oiliúna éigeantach é seo, molann RLGÓ agus Tusla araon an clár seo do dhuine ar bith a oibríonn le leanaí.

D'fhorbair Tusla an uirlis ríomhfhoghlama seo agus is leosan é. Tuigim ón eagraíocht sin nach bhfuil aon phleananna ann i láthair an clár a chur ar fáil i nGaeilge.

Tabhair do d'aire, le do thoil, sula gcuireadh tús iomlán le forálachta an Achta um Thús Áite do Leanaí ar 11 Nollaig 2017, d'ullmhaigh mo Roinn leagan nuashonraithe agus uasdátaithe de Thús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta do Chosaint agus Leas Leanaí. Tá an foilseachán sin ar fáil i nGaeilge. Is féidir é a íoslódáil saor in aisce ó shuíomh gréasáin na Roinne, nó is féidir é a cheannach ó Oifig Fhoilseacháin an Rialtais ar €1.00. Chomh maith leis sin, rinne an Roinn go leor cóipeanna de leagan Gaeilge na Treorach Náisiúnta do Thús Áite do Leanaí a chlóbhualadh agus cuireadh iad chuig gach Gaelscoil sa tír, nuair a d'iarr an Roinn Oideachais agus Scileanna a leithéid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.