Written answers

Tuesday, 4 December 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Plean Infheistíochta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

734. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén fáth nár glacadh leis an éileamh ó 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta, le tacaíocht ó roinnt páirtithe polaitíochta, go gcuirfí €9 milliún ar fáil do Phlean Infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta i mbuiséad 2019; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [50676/18]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ionann iomlán an mhaoinithe don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin don bhliain 2019 agus níos mó ná €54m. Nuair a chuirtear leithdháileadh an Fhorais Teanga san áireamh, is ionann an maoiniú iomlán agus €67.5m - méadú €5m nó 8% ar leithdháiltí 2018. San áireamh anseo tá:

- €0.6m sa bhreis chun tacú le cur i bhfeidhm an Phróisis Pleanála Teanga dá ndéantar foráil in Acht na Gaeltachta 2012;

- €1.5m breise d’Údarás na Gaeltachta chun infheistíocht a dhéanamh i gcothabháil agus i gcruthú post i gceantair Ghaeltachta, rud a fhágann gurb é €8.5m (méadú 21% ar 2018) an leithdháileadh iomlán caipitil don eagraíocht;

- €0.5m sa bhreis i maoiniú reatha d’Údarás na Gaeltachta chun tacú le comharchumainn agus eagraíochtaí forbartha pobail sa Ghaeltacht den chuid is mó;

- Leithdháileadh breise de €0.5m do Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta mo Roinne chun tacú tuilleadh le Próiseas Pleanála Teanga na Gaeltachta;

- Leithdháileadh breise de €0.58m do Scéimeanna Tacaíochta Teanga na Roinne lasmuigh den Ghaeltacht chun scoláireachtaí Gaeltachta a chur ar fáil do dhaltaí ó scoileanna DEIS agus chun dul chun cinn a dhéanamh i ndáil le gréasán d’Ionaid Gaeilge agus Cultúir a fhorbairt ar fud na tíre;

- Leithdháileadh breise de €1m chun forbairt a dhéanamh ar infreastruchtúr calafoirt a fhreastalaíonn ar na hOileáin Árainn agus ar Thoraigh; agus,

- Leithdháileadh breise de €0.5m chun seirbhísí riachtanacha iompair a sholáthar chuig na hoileáin.

Rachaidh an infheistíocht mhéadaithe seo de €67.5m don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin in 2019 i bhfeidhm go mór ar phobail Ghaeltachta, go háirithe, mar go bhfuil an chuid is mó den leithdháileadh á tabhairt do chruthú post, forbairt pobail agus pleanáil teanga sa Ghaeltacht, agus, chomh maith leis sin, d’fhorbairt na gcalafort agus na seirbhísí iompair a bhaineann leis na hoileáin.

Is fiú a nótáil chomh maith go mbeidh maoiniú caipitil de €2.8m á chur ar fáil faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe do thograí de chuid Údarás na Gaeltachta i nGaeltachtaí Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus na Gaillimhe. Tá an maoiniú ceadaithe do thrí thogra rathúil de chuid Údarás na Gaeltachta mar seo leanas:

- €1.5m ceadaithe chun an t-urlár bairr neamhfhorbartha de gteic @Gaoth Dobhair ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair a fhorbairt agus 1,725 sq.m de spás oibre/oifigí nua a chur ar fáil;

- €548,000 chun Ionad Nuálaíochta agus Mol Digiteach gteic @An Spidéal a fhorbairt i gConamara; agus,

- €795,000 chun 8 nIonad Nuálaíochta/Moil Dhigiteacha/Láthair Barrfeabhais a fhorbairt i nGaeltacht Mhaigh Eo ag áireamh Béal an Mhuirthead, An Eachléim, Gaoth Sáile, Acaill agus Tuar Mhic Éadaigh.

Ní miste a rá gur soláthar breise é seo d’Údarás na Gaeltachta anuas ar an soláthar méadaithe de €8.5m atá curtha ar fáil don eagraíocht do 2019.

Táim sásta, mar sin, go bhfuil aird chuí tugtha ag an Rialtas do mholtaí an 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta agus go bhfuil neart dul chun cinn déanta ag an Rialtas mar a bhaineann sé leis an réimse cúraimí atá orm i mBuiséad 2019.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.