Written answers

Tuesday, 4 December 2018

Department of Agriculture, Food and the Marine

Achomhairc Talmhaíochta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

532. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar cinneadh ar achomharc faoi scéim na híocaíochta bunúsaí agus faoi scéim na limistéir faoi shrianta nádúrtha atá déanta ag feirmeoir i gContae na Gaillimhe; an fáth go bhfuil moill cinneadh a dhéanamh ar an achomharc seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [50643/18]

Photo of Michael CreedMichael Creed (Cork North West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rinne an té atá ainmnithe iarratas ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí agus ar Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha in 2017 ar thalamh coimíneachta. In 2017, thug mo Roinnse isteach an t-uasmhéid limistéir atá cáilithe ar na coimíneachtaí sin. In 2018, rinne an té atá ainmnithe iarratas ar an dá scéim ar na limistéir laghdaithe sin agus íocadh é ar an mbunús sin. Chomh maith leis sin, tá achomharc déanta ag an té atá ainmnithe maidir leis na laghduithe a cuireadh i bhfeidhm in 2017. Déanfaidh oifigeach as mo Roinnse teagmháil go pearsanta leis an té atá ainmnithe chun achoimre a thabhairt dó maidir le staid an cháis mar atá i láthair na huaire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.