Written answers

Wednesday, 28 November 2018

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

67. To ask the Minister for Education and Skills cé na socraithe sainiúla atá déanta aige le cinntiú go bhfuil tacaíochtaí cearta, ar aon dul leis na tacaíochtaí atá ag scoláirí sna scoileanna atá ag múineadh trí Bhéarla, ar fáil do scoláirí atá ag fáil a gcuid oideachais bunscoile agus meanscoile trí Ghaeilge agus go mbeidh na seirbhísí seo ar fáil trí mheán na Gaeilgeó ghach leibhéal den chóras; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [49222/18]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar atá ráite sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta “Is é an t-oideachas an eochair chun comhdheis sa saol a thabhairt do gach leanbh.” Soláthraíonn mo Roinn tacaíocht do gach socláire in ár scoileanna ar fad. Tá an Roinn tiomanta do rochtain scoláirí atá ag freastal ar scoileanna a fheidhmíonn trí mhéan na Gaeilge agus trí mheán an Bhéarla araon ar thacaíochtaí ó, mar shampla, An tSeirbhíse Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) agus an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) a chinntiú.  

Tá dul chun cinn suntasach déanta chun an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge a neartú. Áirítear anseo an próiseas pátrúnachta, soláthar curaclaim agus bunú an Aonaid um Oideachas Gaeltachta sa Roinn.  

Tá teanga anois mar rogha ar leith sa phróiseas pátrúnachta rud a chiallaíonn go bhfuil teanga níos infheicthe mar rogha. Tá sé beartaithe tuilleadh athbhreithnithe a dhéanamh ar an bpróiseas pátrúnachta ionas go mbeidh aitheantas ag comhréireacht mar a bhaineann le tuismitheoirí a chuireann in iúl gurb é an t-oideachas trí mhéan na Gaeilge a rogha.    

Cuirimíd ár gcuraclaim ar fáil go lárnach agus is do gach scoláire iad. Ag aithint an ról lárnach atá ag scoileanna in athbheochan agus i gcaomhnú na Gaeilge mar theanga pobail, tá soláthar difriúil déanta don Ghaeilge i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge agus i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla i gCuraclam na Bunscoile agus sa tSraith Shóisearach. Tá fáil ag gach múinteoir i ngach scoil ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach agus ar acmhainní a chuirtear ar fáil go lárnach chun tacú le cur i bhfeidhm curaclaim agus polasaithe eile na Roinne.   

Tá an-dul chun cinn déanta i bhfeidhmiú an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. San áireamh tá dhá chlár nua d’oideachas múinteoirí agus na tionscnaimh phíolótacha ‘Ríomh-mhoil’ agus ‘Forás’. D’fhéadfadh go rachadh na tionscnaimh seo chun tairbhe scoláirí i scoileanna uile na tíre sa todhchaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.