Written answers

Tuesday, 27 November 2018

Department of Agriculture, Food and the Marine

Achomhairc Talmhaíochta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

468. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a bheidh cinneadh déanta ar achomharc maidir le deontas BPS (An Scéim Buníocaíochta), ANC (Limistéar Sriantachta Nádúrtha) agus GLAS (An Scéim Comhshaoil Talmhaíochta, Íseal-Charbóin) do 2017 agus 2018 atá déanta ag feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48879/18]

Photo of Michael CreedMichael Creed (Cork North West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé deimhnithe ag an Oifig um Achomhairc Talmhaíochta go bhfuarthas achomharc ón duine atá ainmnithe maidir lena iarratas ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS) agus ar Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha 2018 (ANC). Rinne Oifigeach Achomhairc teagmháil le hionadaí ainmnithe an achomharcóra an 22 Samhain 2018 agus tá éisteacht ó bhéal ar an achomharc á socrú faoi láthair. Seolfaidh an Oifig um Achomhairc litir chinnidh chuimsitheach chuig an achomharcóir nuair a bheidh athbhreithniú iomlán déanta ar fhíorais an cháis.

Tá sé tugtha le fios ag an Oifig um Achomhairc Talmhaíochta nach bhfuil aon taifead aici ar achomhairc a fuarthas ón duine atá ainmnithe maidir lena chuid iarratas ar Scéim GLAS 2017 agus 2018 ná ar na Scéimeanna BPS agus ANC 2018.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.