Written answers

Wednesday, 21 November 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Iompair

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

267. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad iad na céimeanna atá glactha aici le cinntiú go mbeidh seirbhís aeir go hÁrainn ann ó mhí na Nollag ar aghaidh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48649/18]

Photo of Josepha MadiganJosepha Madigan (Dublin Rathdown, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, ta cinneadh tógtha ag an gcomhlacht GASL (ag trádáil mar Aer Árann) tarraingt amach as an dá chonradh atá aige a) chun seirbhís aeir a chur ar fáil do na hOileáin Árann agus b) chun an t-aerstraise ag Na Mine atá in úinéireacht phríobhaideach an chomhlachta a chur ar fáil don Stát ar mhaithe leis na seirbhísí aeir sin a sholáthar.  Tiocfaidh éifeacht leis an dá chinneadh seo ar 6 Nollaig 2018.

Le dul i ngleic leis seo, tá mo Roinn ag tógáil céimeanna chun a chinnitiú go mbeidh aerfort ar an mórthír ar fáil le seirbhísí a reáchtáil as agus chun a chinntiú go mbeidh seirbhís aeir ar fáil tar éis 6 Nollaig 2018.  Chuige sin, tá teagmháil ag leibhéil dlíodóra ag leanúint idir mo Roinn agus GASL.  Taobh leis sin, tá mo Roinn tar éis tús a chur le socruithe a dhéanamh chun go mbeidh seirbhís gearrthéarmach á reáchtáil as Aerfort na Sionainne mura mbeidh Aerfort na Mine ar fail di.  Tá comhlacht comhairleoirí fostaithe ag mo Roinn chun próiseas tairisceana a láimhseáil do chonradh gearrthéarmach.  

Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil mo Roinn sásta dul isteach i gcomhráití le GASL maidir le hAerfort na Mine a cheannach ach an bagairt atá déanta ag an gcomhlacht maidir le deireadh a chur leis an dá chonradh a bheith tarraingte siar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.