Written answers

Tuesday, 20 November 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Caiteachas Ranna

Photo of Pat BuckleyPat Buckley (Cork East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

675. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an dóigh léi go bhfuil cothrom na féinne á thabhairt aici don Ghaeilge, don Ghaeltacht, do na hOileáin agus don Fhoras Teanga leis an ardú 8% atá beartaithe aici dóibh i mBuiséad 2019 agus é beartaithe aici ag an am céanna ardú 14% a thabhairt do Chultúr agus 15% a thabhairt d'Oidhreacht ina Roinn féin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47850/18]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ionann iomlán an mhaoinithe don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin don bhliain 2019 agus níos mó ná €54m. Nuair a chuirtear leithdháileadh an Fhorais Teanga san áireamh, is ionann an maoiniú iomlán agus €67.5m - méadú €5m nó 8% ar leithdháiltí 2018.  San áireamh anseo tá:

- €0.6m sa bhreis chun tacú le cur i bhfeidhm an Phróisis Pleanála Teanga dá ndéantar foráil in Acht na Gaeltachta 2012;

- €1.5m breise d’Údarás na Gaeltachta chun infheistíocht a dhéanamh i gcothabháil agus i gcruthú post i gceantair Ghaeltachta, rud a fhágann gurb é €8.5m (méadú 21% ar 2018) an leithdháileadh iomlán caipitil don eagraíocht;

- €0.5m sa bhreis i maoiniú reatha d’Údarás na Gaeltachta chun tacú le comharchumainn agus eagraíochtaí forbartha pobail sa Ghaeltacht den chuid is mó;

- Leithdháileadh breise de €0.5m do Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta mo Roinne chun tacú tuilleadh le Próiseas Pleanála Teanga na Gaeltachta;

- Leithdháileadh breise de €0.58m do Scéimeanna Tacaíochta Teanga na Roinne lasmuigh den Ghaeltacht chun scoláireachtaí Gaeltachta a chur ar fáil do dhaltaí ó scoileanna DEIS agus chun dul chun cinn a dhéanamh i ndáil le gréasán d’Ionaid Gaeilge agus Cultúir a fhorbairt ar fud na tíre;

- Leithdháileadh breise de €1m chun forbairt a dhéanamh ar infreastruchtúr calafoirt a fhreastalaíonn ar na hOileáin Árainn agus ar Thoraigh; agus,

- Leithdháileadh breise de €0.5m chun seirbhísí riachtanacha iompair a sholáthar chuig na hoileáin.

Rachaidh an infheistíocht mhéadaithe seo de €67.5m don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin in 2019 i bhfeidhm go mór ar phobail Ghaeltachta, go háirithe, mar go bhfuil an chuid is mó den leithdháileadh á tabhairt do chruthú post, forbairt pobail agus pleanáil teanga sa Ghaeltacht, agus, chomh maith leis sin, d’fhorbairt na gcalafort agus na seirbhísí iompair a bhaineann leis na hoileáin. 

Táim sásta, mar sin, go bhfuil neart dul chun cinn déanta ag an Rialtas mar a bhaineann sé leis an réimse cúraimí atá orm i mBuiséad 2019 agus táim ag tnúth le tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh sna réimsí sin sna blianta atá amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.