Written answers

Thursday, 15 November 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Forbairt na nOileán

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

41. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil polasaí faoi leith ann do na hoileáin; an ndéanfaidh sí cóip den pholasaí sin a sholáthar; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47425/18]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an réasún taobh thiar d’infheistíocht Rialtais maidir leis na hoileáin leagtha amach i ndoiciméid éagsúla thar na mblianta.

Léirigh Tuarascáil an Choiste Idir Rannach um Fhorbairt na nOileán - Creatlach Stráitéiseach d'Fhorbairt Oileáin na hÉireann a cuireadh i dtoll a chéile i 1996 faoi stiúir Roinn an Taoisigh gurb é an bac ba mhó ar rannpháirtíocht eacnamaíocht agus shóisialta phobail na oileán an rochtain, idir sheirbhísí iompair agus infrastruchtúr mara, de chaighdean íseal a bhí ar fáil do na pobail sin.

Thóg Tuarascáil Malachy Walsh & Partners, coimisiúnaithe ag mo Roinn, ar an obair sin ina dtuarascáil maidir le seirbhísí iompair do na hoileáin a foilsíodh i 2003. Níl dabht ach go bhfuil mo Roinn imithe i ngleic leis na heaspaí a aithníodh sna tuarascálacha sin agus tá infheistíocht ollmhór déanta maidir le seirbhísí agus infrastruchtúr mara sna blianta ó shin. Faoi láthair, tá 28 seirbhís iompar á bhfóirdheonú ag mo Roinn le hais níos lú ná deich gcinn in 1996. Tá anseo idir sheirbhísí fharantóireachta do phaisinéirí agus lastas agus roinnt sheirbhísí aeir chomh maith. Comhthreomhar le forbairt na seirbhísí iompair seo, tá mórchlár infheistíochta i gcalafoirt farantóireachta ag freastal ar na holeáin curtha i gcríoch ag mo Roinn le fiche bliana anuas agus is ar éigean go bhfuil fiú oileán amháin a bhfuil daonra buan air nach bhfaca chuid den infheistíocht sin. Ar ndóigh, níl an obair sin críochnaithe go fóill. Tá ceithre cinn de mhórthograí caipitil luaite sa Phlean Forbartha Náisiúnta, Tionscadal Éire 2040, rud a léiríonn gur obair leanúnach atá ar siúl maidir leis na hoileáin.

Níos túisce i mbliana, d'fhoilsigh Seirbhís Eacnamaíochta agus Meastóireachta an Rialtais Athbhreithniú Caiteachais ar na Seirbhísí Fharantóireachta Fhoirdheonaithe chuig na hOileain amach ón gCósta. De réir na tuarascála sin, le deich mbliana anuas, tá na haschuir seo a leanas, a mheastar a bheith riachtanach chun pobail na n-oileán a chothú, seachadta ag na seirbhísí fanantóireachta fóirdheonaithe sin:

- Rinneadh 410,880 seoladh ar sheirbhísí fóirdheonaithe;

- Thaistil 3.95 milliún paisinéir, arbh oileánaigh 40.8% díobh agus ar chuairteoirí 59.2% díobh, ar na seoltaí seo; agus

- Aistríodh 162,000 tona lastas go dtí na hoileáin mar aon le 274,000 feithicil.

De réir na tuarascála chéanna, bhí tionchar dearfach le brath ar na leibhéil fhostaíochta fhoriomlána idir 2006 agus 2016 agus tháinig glanmhéadú de 47 faoi líon na ndaoine a bhí fostaithe ar na hoileáin le linn na tréimhse sin. Cé nach féidir a rá go cinnte cad ba chúis leis an bhfeabhas seo sa ráta fostaíochta, tugtar suntas sa tuarascáil don tacaíocht dhíreach agus indíreach a thugann an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (agus Údarás na Gaeltachta dár ndóigh) do réimse deiseanna fostaíochta ar na hoileáin lena n-áirítear comharchumainn, Comhar na nOileán, Campaí Samhradh agus Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (Coláistí Samhraidh). Ina theannta sin, tá sé indéanta ar chuid de na hoileáin comaitéireacht a dhéanamh go dtí an mórthír chun dul ag obair mar thoradh ar an infheistíocht atá déanta ag an Roinn i mbonneagar calafoirt agus i seirbhísí farantóireachta feabhsaithe.

Is fiú a nótáil chomh maith gur foilsíodh i 2010 Athbhreithniú ar na Riachtanais Fostaíochta agus Phoiteanseal d'Fhorbairt Eacnamaíochta na nOileán, tuarascail a chuir na comhairleoirí eacnamaíochta, FGS Consulting, i dtoll a chéile ar son mo Roinne. Anuas air sin, tuigtear dom go bhfuil polasaithe oileánda ag eagrais stáit eile atá ag feidhmiú in earnáil an tsláinte, na forbartha pobail agus an oideachais agus go n-imríonn an raon leathan straitéisí agus polasaithe seo tionchar nach beag ar ollsprioc an Stáit pobail inmharthanacha a chothú ar na hoileáin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.