Written answers

Thursday, 15 November 2018

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Cúram agus Oideachas na Luath-Óige

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

44. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil i gceist aici a chinntiú go mbeidh an tacaíocht céanna ar fáil do na naionraí taobh amuigh den Ghaeltacht agus atá ar fáil taobh istigh den Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47218/18]

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a chuir mé in iúl i m'aisfhreagra ar cheist Dála 376 ar 25 Deireadh Fómhair 2018, is trí mhaoiniú ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus Foras na Gaeilge araon a chuir Forbairt Naíonraí Teoranta tacaíocht ar fáil do na naíonraí Gaelacha go dtí lár 2014. I mí Iúil 2014, aistríodh an cúram sin chuig Gaeloideachas, nuair a ceapadh é mar cheanneagraíocht chun plé le gaeloideachas, tumoideachas agus réamhscolaíocht lán-Ghaeilge.

Tuigim ó Fhoras na Gaeilge, ós rud é nach bhfuil maoiniú á chur ar fáil ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (RLGÓ) ó lár 2014, go ndearnadh iarratas cuimsitheach leis an Roinn sin anuraidh i ndáil le maoiniú a chur ar fáil do na naíonraí Gaelacha. Tuigtear dom go bhfuiltear ag leanúint suas maidir leis an iarratas sin.

Beag beann air sin, de réir Gníomh 3.8 de Phlean Gníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge 2018-2022, tá geallta go gcruthófar dhá phost breise le Gaeilge sa RLGÓ le linn 2019 chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an soláthar Gaeilge in earnáil na luathbhlianta taobh amuigh den Ghaeltacht agus go bhforbrófar plean cuimsitheach don earnáil chomh maith. Anuas air seo, tá ionadaíocht ag an RLGÓ ar Choiste Stiúrtha an Phlean Gníomhaíochta agus déanfar plé maidir le hacmhainní breise don earnáil seo mar chuid d'obair an Choiste.

Leis an gcur chuige nua seo á chur i bhfeidhm, táim dóchasach go dtiocfaidh tuilleadh forbartha ar earnáil na luathbhlianta taobh amuigh den Ghaeltacht sna blianta amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.