Written answers

Tuesday, 13 November 2018

Department of Justice and Equality

Cumas Gaeilge sa Gharda Síochána

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

283. To ask the Tánaiste and Minister for Justice and Equality conas nach raibh an Ghaeilge luaite chor ar bith i dtuarascáil an Choimisiúin ar Thodhchaí na Póilíneachta cé go bhfuil na Gardaí luaite sa Straitéis 20 bliain. [47110/18]

Photo of Charles FlanaganCharles Flanagan (Laois, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bunaíodh an Coimisiún um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn i mBealtaine 2017 chun athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar gach gné den phóilíneacht in Éirinn. Ag teacht leis an gcinneadh a rinne an Rialtas in Aibreán 2017 an Coimisiún a bhunú, bhí an Coimisiún um Thodhchaí na Póilíneachta iomlán neamhspleách ar an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Ba faoin gCoimisiún é ábhar na tuarascála foilsithe, agus ní raibh aon ról agamsa, mar Aire, maidir lena hábhar a chinneadh.

Cur chuige iomlánaíoch comhtháite i leith na Gaeilge a chuirtear chun cinn sa Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge. Tá na gníomhaíochtaí iomchuí faoin Straitéis á gcur i bhfeidhm ag na páirtithe leasmhara éagsúla, lena n-áirítear mo Roinnse. Ceann de chuspóirí na Straitéise ná go ‘Leanfar agus déanfar forbairt ar úsáid na Gaeilge sa Gharda Síochána’. Nótáiltear sa Straitéis go bhfuil sé tábhachtach an Ghaeilge a chothabháil agus a fhorbairt sa Gharda Síochána toisc thábhacht shiombalach na heagraíochta inár saol náisiúnta agus toisc na seirbhísí a sholáthraíonn an Garda Síochána don phobal. Is féidir breathnú, ar líne, ar Phlean Forfheidhmithe na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais faoin Straitéis, chomh maith leis an Tuarascáil is déanaí ar Dhul chun Cinn an fhorfheidhmithe, lena n-áirítear nuashonruithe ar dhul chun cinn atá déanta ag an nGarda Síochána, ar líne ag www.justice.ie(faoi ‘Fúinn’, ansin ‘An Ghaeilge’).

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

284. To ask the Tánaiste and Minister for Justice and Equality an bhfuil móran Gardaí le Gaeilge á n-earcú nó earcaithe le deanai, an bhfuil painéal ag feidhmú agus conas a ndeantar meastoireacht ar inniúlacht na Gaeilge ag Gardaí. [47111/18]

Photo of Charles FlanaganCharles Flanagan (Laois, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoi mar is eol don Teachta, is ar Choimisinéir an Gharda Síochána atá freagracht ó thaobh riarachán agus gnó an Gharda Síochána a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne, lena n-áirítear trí shocrú a dhéanamh maidir le comhaltaí agus foireann shibhialtach an Gharda Síochána a earcú, a oiliúint agus a cheapadh, agus níl aon bhaint dhíreach agamsa, mar Aire, leis an ábhar.

Déantar earcaíocht don Gharda Síochána a sheoladh faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004. Déanann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS), thar ceann Choimisinéir na nGardaí, na céimeanna earcaíochta tosaigh a bhaineann le roghnú Gardaí faoi oiliúint a bhainistiú. Is é nó í an Coimisinéir a bhainistíonn na céimeanna deiridh den phróiseas earcaíochta, ina ndéantar iarrthóirí a ghrinnfhiosrú, agus ina ndéanann siad tástáil inniúlachta fisiciúla maille le scrúdú liachta.

Is féidir le hiarratasóirí incháilithe ar an nGarda Síochána, ar cainteoirí líofa Gaeilge iad, roghnú go ndéanfaí iad a bhreithniú lena gcur i sain-sruth Gaeilge laistigh den chomórtas foriomlán earcaíochta.

Ceanglaítear ar iarrthóirí sa sruth seo a n-éiríonn leo fad leis na céimeanna deiridh den phróiseas roghnúcháin gnéithe áirithe den phróiseas a dhéanamh trí Ghaeilge, m.sh. agallamh atá bunaithe ar inniúlacht, maille le tástáil Gaeilge scríofa.

Bítear ag súil go ndéanfar iarrthóirí a cheaptar ón sruth Gaeilge réimse iomlán seirbhísí i nGaeilge a sholáthar. Sanntar iarrthóirí a n-éiríonn leo do limistéir Ghaeltachta ar feadh tréimhse ama arna cinneadh ag an gCoimisinéir.

Sa tábla seo a leanas taispeántar miondealú ar an líon iarratasóirí ón Sruth Gaeilge ar éirigh leo agus ar cuireadh tús lena n-oiliúint i gColáiste na Gardaí i leith gach bliana ó 2104 i Leith.

BliainAn líon iarratasóirí ar éirigh leo agus ar cuireadh tús lena n-oiliúint
201421
20159
20168
20176
20185
Iomlán49

Níl aon Phainéal bunaithe faoi láthair ós rud é go bhfuil torthaí agallamh a reáchtáladh sa tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ó chomórtas earcaíochta 2018, ar tháinig deireadh leis i Meitheamh, le heisiúint fós.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.